Tá comhpháirtíocht na meán pobail á stiúradh ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus ag Near Media Co-op chun tionscadal malairte ina ndírítear ar chleachtas comhaimseartha an cheoil thraidisiúnta a fhorbairt. Tabharfaidh an chomhpháirtíocht cuireadh d’ealaíontóirí ó na réigiúin chomhpháirtíochta san Project Arts Centre i lár chathair Bhaile Átha Cliath, agus i gceolchoirm in ionad Clasac i gCluain Tarbh, a chuirfear beo ar an aer ar Near FM 90.3, agus a chraolfaidh na stáisiúin raidió chomhpháirtíochta níos déanaí d'éisteoirí ina gceantair féin.
Oibreoidh na comhpháirtithe le chéile chomh maith chun taighde agus pleanáil a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí as a dtiocfaidh sárthaispeántas trasnáisiúnta amach anseo agus comóradh an cheoil thraidisiúnta san Eoraip, a nascfaidh ealaíontóirí agus an pobal trí na meáin phobail.
Dátaí
21-25 Márta 2013
Contae
Baile Átha Cliath agus Fine Gall
Ceanneagraíocht
Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Comhpháirtithe
Near Media Co-op; Clasac; Project Arts Centre, Antxeta (Tír na mBascach, an Fhrainc); Civic Radio (an Ungáir); Radio Corax (an Ghearmáin).
Tuilleadh eolais
www.nearfm.ie
www.dublincity.ie/recreationandculture/artsoffice