Déanfaidh Comhairle Contae Chill Dara agus Crooked House Theatre Company This is Who We Are a óstáil. Féile téatair is ea é seo ina ndéanfaidh ealaíontóirí agus daoine óga ón Iorua, ón bhFrainc agus ó Éirinn léiriúcháin phoiblí. Bainfidh saothair ealaíonta sna féilte le ceisteanna faoi fhéiníomhá agus aitheantas óige, agus déanfar iniúchadh iontu ar na gníomhaíochtaí a bhféadfadh daoine óga tabhairt fúthu chun a gcumas a fhorbairt chun a n-aitheantas a mhúnlú ar bhealach réidh, gan strus, a mbeidh meabhairshláinte dhearfach mar thoradh air.
Buailfidh na comhpháirtithe ealaíonta le chéile in Éirinn san earrach chomh maith chun na himeachtaí atá beartaithe le haghaidh an Mheithimh a ullmhú, agus chun seimineár poiblí a thionól ar an téama ‘ag oibriú go comhoibríoch le daoine óga'.
Dátaí
23-29 Meitheamh 2013
Contae
Cill Dara
Ceanneagraíocht
Comhairle Contae Chill Dara
Comhpháirtithe
Crooked House Theatre Company, Rogaland Teater (an Iorua), Le Grand Bleu (an Fhrainc)
Tuilleadh eolais
www.facebook.com/CrookedHouseTheatre