Is clár spreagúil máistir-ranganna, aoi-léachtaí agus siompóisiam é Saotharlann Foghlama na hEorpa - Dea-Chleachtas Comhoibríoch atá dírithe i dtreo Líonra Foghlama Eorpach a fhorbairt d’ealaíontóirí a chuireann le rannpháirtíocht i gcleachtas comhoibríoch. Ainmneoidh na heagraíochtaí comhpháirtíochta ochtar ealaíontóirí Eorpacha chun sraith léachtaí a thabhairt d’ealaíontóirí faoi oiliúint, agus chun máistir-ranganna a stiúradh a bheidh oscailte d’ealaíontóirí gairmiúla agus do lucht éisteachta/lucht féachana in Éirinn.
Díreofar sa siompóisiam ar líonraí foghlama tras-Eorpacha agus riachtanais forbartha na n-ealaíontóirí atá ag obair i gcomhthéacsanna pobail agus sóisialta ar fud na hEorpa.
Dátaí
Aibreán-Bealtaine 2013
Contae
Baile Átha Cliath
Ceanneagraíocht
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Comhpháirtithe
The LAB, CREATE Ireland, Live Art Development Agency (RA), Tate Liverpool (RA), M-Cult (an Fhionlainn)
Tuilleadh eolais