Comhpháirtithe na Samhlaíochta - faoi shraith dheiridh Culture Connects, cuirtear os comhair an tsaoil cuid de na heagraíochtaí ealaíon in Éirinn a bhí an-tiomanta go deo do bheith ag obair thar teorainneacha náisiúnta na hEorpa.
Tá an-obair go deo déanta ag eagraíochtaí mar Cló Ceardlann na gCnoc, Ionad Litríochta na Mumhan, Improvised Music Company, Damhsa Éireann, Pan Pan Theatre Company agus an National Sculpture Factory chun comhpháirtíochtaí ealaíne agus gairmiúla a bhunú le comhghleacaithe in áiteanna eile san Eoraip. Tá saothair agus tionscnaimh nua ealaíne cruthaithe acu a théann níos faide ná aon tír amháin agus, ag an am céanna, cuireann siad deiseanna ar fáil le haghaidh ealaíontóirí agus lucht féachana in Éirinn.
Tá imeachtaí líonraithe agus forbartha gairmiúla mar chuid den tsraith seo freisin, mar shampla Cruinniú Neamhfhoirmiúil Phointí Teagmhála Cultúrtha na hEorpa, Tionól Ginearálta Aosdána 2013 agus Tionól Ginearálta líonra IETM le haghaidh taibhealaíona comhaimseartha.