Is taispeántas é United States of Europe ina dtugtar dearcadh ealaíontóirí maidir le saoránacht, saoirse peirspictíochta, daonlathas agus mothú féiniúlachta/easpa féiniúlachta daoine.
Tá físeáin, suiteáil agus grianghraif le go leor d’ealaíontóirí comhaimseartha na hEorpa chomh maith le saotharlann ilmheáin ina ndéantar cónascadh ar ghnéithe socheolaíochta agus idirghníomhacha i gceist sa taispeántas. Tugtar deiseanna sa seó chun saothair ealaíne a fheiceáil ó ealaíontóirí suntasacha a oibríonn i ngeilleagair éagsúla agus i láithreacha éagsúla. Ag taispeántas de shaothar ealaíontóirí Éireannacha, How Capital Moves, déanann Kennedy Browne iniúchadh cruthaitheach ar an méid a tharlaíonn nuair a bhogann cuideachta ilnáisiúnta ó thír amháin go tír eile agus ar thionchar na gluaiseachta furasta sin den chaipiteal thar theorainneacha.
Tá sé d’aidhm le cur i gcrích an tionscadail le linn thréimhse Uachtaránacht na hÉireann ar an AE agus an t-ardán aitheasc/ceardlann a théann leis díospóireacht a spreagadh agus aistriú smaointe agus eolais a chur ar bun idir cleachtóirí cruthaitheacha agus pobail éagsúla.
Dátaí
8-30 Márta 2013
Contae
Corcaigh
Ceanneagraíocht
Iontaobhas Cathrach Chorcaí & comhpháirtíocht National Sculpture Factory/ Cork Vision Centre, le Dánlann Ealaíne Crawford
Comhpháirtithe
Goethe Institut Paris (arna thionscnamh ag Johanna Suo) agus le tacaíocht ó Chlár Cultúir an AE 2007-2013
Tuilleadh eolais
www.go-use.eu