Clár scannán ar camchuairt is ea Ireland in Europe ina dtaispeánfar scannáin ó bhailiúcháin i gCartlann Scannán na hÉireann do scoileanna agus don phobal in Éirinn i rith thréimhse Uachtaránacht na hÉireann ar an AE. Áirítear scannáin atá déanta ag scannánóirí ó Éirinn agus ón Eoraip leis an gclár, agus léireofar pointí tábhachtacha in éabhlóid an chaidrimh idir Éire agus ár comharsana san Eoraip. Tá an clár deartha chun díospóireacht a spreagadh maidir le tuairimí faoi Éirinn san Eoraip, tionchar na n eisimirceach Éireannach ar fud na hEorpa, agus, mar mhalairt air sin, tionchar chultúr agus gheilleagar na hEorpa ar Éirinn ár linne. Beidh leabhrán ag dul leis an gclár.
Dátaí
Feabhra-Meitheamh 2013
Contae
Ar fud na tíre
Ceanneagraíocht
Institiúid Scannán na Éireann (IFI)
Comhpháirtithe
Beidh an clár scannán seo á óstáil ag comhpháirtithe comhoibríocha ar fud na tíre i scoileanna, in ionaid ealaíon agus i leabharlanna.
Tuilleadh eolais
www.ifi.ie