Agus é bunaithe i mBaile Átha Cliath le comhpháirtithe ar fud na hEorpa, sárthaispeántas is ea 12 Points le haghaidh ealaíontóirí óga cruthaitheacha sa snagcheoil agus i gceol gaolmhar. Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Uachtaránacht an AE in 2013, reáchtálfar comhdháil dhá lá ar thodhchaí an tsnagcheoil san Eoraip, Europe Jazz Futures Conference. Pléifear conas a fhreagróidh an Eoraip do na réaltachtaí geilleagracha, do na dúshláin dhigiteacha, agus do na deiseanna cruthaitheachta sna deich mbliana atá amach romhainn. Reáchtálfar cruinniú lae de bhord Líonra Snagcheoil na hEorpa freisin i mBaile Átha Cliath mar aon le oíche bhreise de chlársceidealú ag an bhféile chun sárthaispeántas a dhéanamh d’ensembles na hÉireann os comhair lucht éisteachta poiblí agus aíonna a bheidh ag freastal ar an gcomhdháil agus ar an gcruinniú.
Foilseoidh 12 Points dlúthdhiosca dúbailte ar a mbeidh buaicphointí na seacht bhféile dheireanacha 12 Points.
Dátaí
13-16 Feabhra 2013
Contae
Baile Átha Cliath
Ceanneagraíocht
Improvised Music Company
Comhpháirtithe
Europe Jazz Network
Tuilleadh eolais
www.12points.ie/