Beidh Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann ina óstach ar chruinniú de chomhghleacaithe Eorpacha ag IETM 2013 chun tabhairt faoi dhúshláin reatha a bhaineann d’eagraíochtaí acmhainne téatair agus na bealaí ar féidir leo, trí fhoghlaim i measc comhghleacaithe, a chinntiú go gcothaítear naisc agus go dtugtar tacaíocht do lucht déanta téatair ina dtíortha féin.
Is é cuspóir an imeachta ná comhaontú a bhaint amach maidir leis na bealaí inar féidir le heagraíochtaí acmhainne téatair oibriú le chéile ar fud na hEorpa chun comhpháirtíochtaí trasteorann ealaíontóirí agus eagraíochtaí a fheabhsú. Féachfaidh na rannpháirtithe ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le hacmhainní a roinnt agus meantóireacht agus an cumas tionscnaimh trasnáisiúnta nó tionscadail ealaíon comhoibritheach a fhorbairt chun uaillmhian agus acmhainn idirnáisiúnta ealaíontóirí amharclainne a chomhlíonadh thar roinnt tíortha agus cleachtais éagsúla.
Dátaí
Aibreán 2013
Contae
Baile Átha Cliath
Ceanneagraíocht
Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann
Comhpháirtithe
Institiúidí Téatair ar fud na hEorpa
Tuilleadh eolais
www.irishtheatreinstitute.com