Chomhoibriú in dhá chuid is ea Sappho's Daughter. Beidh an téacs bunaidh leis an bhfile Theo Dorgan á aitheasc ag na haisteoirí Barry McGovern agus Olwen Fouéré, le ceol arna choimisiúnú ón gcumadóir Éireannach Colm Mac Con Iomaire, agus beidh ceol á chur leis an aistriúchán go Gréigis le Socrates Kabouropoulos ag an seinnteoir giotáir ón gCréit, Dimitris Koukoulitakis.
Bhí iníon ag Sappho, an file sár-aitheanta sin, darbh ainm Cleis, ach ní fios cérbh é a hathair. Tugtar glór don fhile agus don athair gan ainm i ndán fada Dorgan, ina dtugtar an dá spiorad ar ais ón domhan thíos chun a scéal a insint. Seasann an dán, ina dtugtar an fharraige, talamh agus aer shaibhir na Gréige chun chuimhne, taobh amuigh d’am, ar bhealach éigin - gné de chomhrá fhada idir Éirinn agus an Ghréig, á láidriú ag an gceol ó na cultúir chianda sin a bhíonn á n-athbheochan go síoraí.
Dátaí
Márta/Aibreán 2013
Contae
Baile Átha Cliath
Ceanneagraíocht
Theo Dorgan
Comhpháirtithe
Conor Byrne, tionscnóir
Tuilleadh eolais
www.theodorgan.com