Is tionscadal é From Viljandi to Kinvara ina dtugtar le chéile na ceoltóirí Éireannacha Mick O’Brien agus Dave Flynn le ceoltóirí ón Eastóin, Juhan agus Janne Suits, i gcomhair sraith imeachtaí in Éirinn in Aibreán 2013. Cuirfidh siad ceolchoirmeacha agus ceardlanna i láthair ina ndéanfar scrúdú ar na naisc cheoil idir ceol traidisiúnta na hÉireann agus na hEastóine.
Chun éascú a dhéanamh ar chomhoibriú dlúth, taistealóidh O’Brien agus Flynn chuig an Eastóin chun féachaint ar chastacht cheol tíre na hEastóine, stór ceoil comhchoiteann a fhorbairt lena gcomhghleacaithe ón Eastóin agus inspioráid a fháil do shaothar comhoibritheach ceoil nua, 10 nóiméad ar fhad, a bheidh mar chroílár na n-imeachtaí in Aibreán. I measc na n-uirlisí don saothar beidh píoba na hEastóine, lir bhoghach na hEastóine, an píb uilleann agus giotár.
Dátaí
Aibreán 2013
Contae
Gaillimh agus Baile Átha Cliath
Ceanneagraíocht
Dave Flynn
Comhpháirtithe
Juhan agus Janne Suits
Tuilleadh eolais
www.daveflynn.com