Tá na céadta ealaíontóir óg páirteach sa tsraith Daoine Óga Cruthaitheacha, idir cheoltóirí clasaiceacha, aisteoirí, stiúrthóirí, dhamhsóirí agus scannánóirí. Eagraítear é i gcomhpháirt le Cumann Ceolfhoirne na nÓg in Éirinn, an Fresh Film Festival i Luimneach, Cumann Náisiúnta Drámaíochta na hÓige (NAYD) agus an Irish Youth Dance Festival. Déanann gach ceann de na heagraíochtaí sin acmhainní a chur ar fáil d’ealaíona na n óg go náisiúnta agus tugann siad tacaíocht d’fhorbairt chruthaitheach daoine óga. Beidh imeacht líonraithe agus sártaispeántais Ensembles na nÓg de chuid na Comhairle Ealaíon ar siúl i mbliana le fócas ar leith ar shoghluaisteacht ealaíontóirí san Eoraip.