20 Bealtaine 2013: NAYD Young Critics International Encounter

NAYD Young Critics International Encounter

Beidh Cumann Náisiúnta Drámaíochta na hÓige ina óstach ar dhaoine óga as an Ostair, an Iorua agus ar fud na hÉireann, le haghaidh eagrán idirnáisiúnta an-speisialta de chlár fadtréimhseach Young Critic an Chumainn.

Tiocfaidh na criticí téatair óga le chéile chun féachaint ar théatar ardchaighdeáin Éireannach agus idirnáisiúnta, ceardlanna a reáchtáil maidir leis, é a phlé, agus léirmheastóireacht a dhéanamh air, ag ceann de na himeachtaí cultúrtha is spreagúla in Éirinn - Féile Lársamhraidh Chorcaí. Is clár uathúil é seo, ina dtugtar deis do dhaoine óga léiriúcháin ar ardchaighdeán a fheiceáil agus a dtuairimí a chur in iúl. Is malartú idirchultúrtha smaointe a bheidh i gceist in Criticí Óga Idirnáisiúnta, chomh maith le teacht le chéile daoine óga ó ar fud na hEorpa atá aontaithe ag an gcion atá acu ar téatar.

Dátaí

20-24 Meitheamh 2013

Contae

Corcaigh

Ceanneagraíocht

Cumann Náisiúnta Drámaíochta na hÓige

Comhpháirtithe

Biondekbühne, Baden, (An Ostair); Féile Lársamhraidh Chorcaíl;Féile Idirnáisiúnta Stamsund, Oileáin Lofoten, (An Iorua)

Tuilleadh eolais

www.nayd.ie

Cuardaigh imeachtaí