In 2013, díreofar leis an imeacht bliantúil Líonrú agus Sárthaispeántas Ensembles na nÓg ar théama shoghluaisteacht na hEorpa. Tacaítear faoi Scéim Ensembles na nÓg na Comhairle Ealaíon le grúpaí daoine óga idir 12 bhliain agus 23 bliain d’aois chun obair uaillmhianach úrnua a chruthú in bhfoirm ealaíne ar bith nó i meascán d’fhoirmeacha ealaíne.
I dteannta na ngrúpaí a mhaoinítear faoin scéim cheana féin, seolfar iarratas chuig gach ensemble a maoiníodh ón uair a tugadh isteach é in 2007. I measc na ngnéithe lárnacha den imeacht lae beidh plé grúpa, cur i láthair ó chomhaltaí d’ensemble na n-óg a bhí bainteach le tionscadail a raibh gné Eorpach ag baint leo, agus cur i láthair le Léargas maidir leis an gclár ‘An Óige i mBun Gnímh’.
Dátaí
6 Aibreán 2013
Contae
Co. Chiarraí
Ceanneagraíocht
An Chomhairle Ealaíon
Comhpháirtithe
Siamsa Tíre, Co. Chiarraí
Tuilleadh eolais