Tabharfar rogha cuideachtaí léiriúcháin agus féilte scannán óige Éireannacha agus Eorpacha le chéile chun saothar a roinnt agus caidrimh a fhorbairt sa tionscadal Reel Exchange.
Tiocfaidh grúpa ceannairí agus daoine óga go Luimneach i rith fhéile Fresh Film i mí na Márta chun páirt a ghlacadh i gclár speisialta imeachtaí lena n-áirítear clár gearrscannán agus ceardlann ina mbeidh ceithre ghrúpa scannánóirí óga (Éireannacha agus idirnáisiúnta) i mbun taifeadta, babhtála, agus eagarthóireachta ar cheithre mhicreascannán. Beidh fóram ann freisin le cur i láthair de shuíomh Gréasáin FILMLINJEN.DK (uirlis léiriúcháin ar líne) lena gcuirfear deiseanna ar fáil chun comhoibriú idirnáisiúnta nuálach a dhéanamh amach anseo.
Dátaí
21-24 Márta 2013
Contae
Luimneach
Ceanneagraíocht
Fresh Film Festival
Comhpháirtithe
Four Rivers Film Festival (An Chróit), Station Next (An Danmhairg), NUFF (An Iorua), Camera Zizzano (An Ghréig), YOUKI (An Ostair), REC (An Ghearmáin), Electric December (An Ríocht Aontaithe).
Tuilleadh eolais
www.freshfilmfestival.net