Tara McGowan, Cairde Sligo Arts Festival. Photo: Donal Hackett
Á spreagadh ag fuinneamh cruthaitheach an Iarthuaiscirt, is teacht le chéile uathúil d’ealaíontóirí agus de lucht féachana í Féile Ealaíon Chairde Shligigh. Féile ealaíon ildisciplíneach agus chathartha go smior atá ann, a oibríonn le healaíontóirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta; a spreagann comhoibriú agus cruthú saothar nua; a cheiliúrann an ilchineálacht; a tharraingíonn aird ar uathúlacht ár réigiúin agus a spreagann rannpháirtíocht i measc luchtanna féachana ilghnéitheacha. Reáchtáiltear Féile Ealaíon Chairde Shligigh gach bliain i mí Iúil (is iad dátaí 2020 an 3–11 Iúil).
Website: www.cairdefestival.com
Facebook: facebook.com/cairdesligoartsfestival
Instagram: @cairdefestival
Twitter: @cairdefestival
[Dáta uasluchtaithe: 22/01/20]
Conas a dhéanfá cur síos ar do ghnáthamh laethúil?
Bíonn go leor gnéithe ag baint le féile a reáchtáil agus, dá réir, ní hionann i gcónaí an gnáthamh laethúil agam, braitheann sé ar na tosaíochtaí ag an am. De ghnáth, tosaíonn an lá oibre agam ar 9.00 ar maidin tar éis dom na leanaí a fhágáil ar scoil. Léim agus freagraím ríomhphoist agus comhfhreagras ar dtús. Déanaim iarracht an tseachtain a eagrú sa dóigh go dtitfidh na cruinnithe go léir amach thar lá nó dhó, le go mbeidh an chuid eile den tseachtain saor le haghaidh taighde agus forbartha – saothair úra a fheiceáil, pleanáil, clárú, scríobh deontas, tiomsú airgid. Ós rud é gur ar bhonn páirtaimseartha, go hoifigiúil, a bhímse ag obair leis an bhféile (cé gur cinnte, in amanna, gur obair lánaimseartha é), ní mór dom a bheith eagraithe agus cuspóirí agus spriocanna a leagan síos ar gá iad a bhaint amach laistigh d’amscála áirithe. Ar an dea-uair, tá bord iontach agam atá thar a bheith tacúil agus a bhféadaimse píosaí áirithe oibre a fhágáil faoina gcúram.
Reáchtálann an fhéile ceardlanna comhoibritheacha ealaíon ó cheann ceann na bliana ar minic taibhiú nó taispeántas mar bhuaicphointe orthu le linn na féile ealaíon. Bíonn claonadh agam ról measartha gníomhach a bheith agam agus is minic mé rannpháirteach sna ceardlanna seo agus is bealach iontach é sin le haithne a chur ar na pobail a mbímid ag oibriú leo. Déanaimid saothair úra a fhorbairt agus a choimisiúnú freisin i gcomhpháirt le healaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon éagsúla. Is féidir leis na tionscadail sin a bheith ag titim amach thar roinnt blianta – mar sin, bíonn a lán pleanála agus cumarsáide ann ar feadh na bliana.
Céard é, dar leat, an dúshlán is mó duit mar Dhéantóir Féile?
Tagann dúshlán i gcónaí leis an mbainistiú ama. Bíonn orm a bheith iontach eagraithe chun post a bhainistiú a mbíonn go leor éagsúlachta agus uaireanta srianta ag baint leis (nó bíonn orm mo dhícheall a dhéanamh a bheith eagraithe, cibé!). Tá sé iontach tábhachtach go bhfoghlaimíonn tú an dóigh le cúraimí a roinnt agus tosaíochtaí a shocrú i dtaca leis na réimsí a ndíríonn tú am agus fuinneamh orthu. Is féidir go mbeadh sé dúshlánach saothair úra a fheiceáil – ó thaobh ama agus ó thaobh acmhainní de – ach bíonn sé thar a bheith tábhachtach dul amach agus saothair a fheiceáil chomh minic agus is féidir. Agus, dar ndóigh, tiomsú airgid agus éagsúlú na sruthanna maoinithe ann, le go n-éascóidh an fhéile na tionscadail dhochreidte ealaíonta agus chruthaitheacha go léir – is dúshlán leanúnach é sin.
Cad í an chomhairle ab fhearr a cuireadh ort mar Dhéantóir Féile?
Plean straitéiseach forbartha gairid gonta a scríobh a bhféadann tú é a úsáid mar bhíobla. Tógann sé seo am agus bíonn sé iontach luachmhar ionchur a fháil ó réimse leathan de pháirtithe leasmhara ach is fiú an t-am agus an iarracht a chur isteach chun go mbeidh an píosa oibre seo déanta i gceart agat. Is uirlis iontach luachmhar é ó thaobh fhorbairt leantach na féile de.
Conas a théann an fhéile seo i bhfeidhm ar an gceantar áitiúil, dar leat?
Tá Féile Ealaíon Chairde Shligigh ar na gnéithe d’fhéilire cultúrtha Shligigh agus an Iarthuaiscirt a mbíonn tóir mhór ag daoine uirthi – bíonn daoine ag dúil go mór léi agus measann gur buaicphointe bliantúil í. Forbraíonn go leor gnéithe den chlár réimsí d’fhoirmeacha ealaíne áirithe ó cheann ceann na bliana. Cuireann pobal na nAmharc-Ealaíon, ní hamháin san Iarthuaisceart, ach fud fad na hÉireann, fáilte faoi leith roimh imeachtaí amhail Cairde Visual. Saibhríonn an fhorbairt bhreise atáimid a dhéanamh ar an snáithe liteartha den chlár an traidisiún agus an oidhreacht láidir liteartha atá i Sligeach agus cruthaíonn deiseanna le haghaidh forbairt ghairmiúil chruthaitheach. Meallann clár na gCoimeádaithe Óga/Young Curators againn daoine óga ar shlí bhríoch i dtaca le scileanna cinnteoireachta i gclár na féile agus forbraíonn scileanna sa choimeádaíocht chultúrtha. Tagann oidhreacht fhadmharthanach leis an obair chomhoibritheach sna healaíona a dhéanaimid le pobail agus is féidir linn a rá go hionraic go gcruthaíonn sí conairí i dtreo rannpháirtíocht sna healaíona mar shlí bheatha.
Cén chaoi a ndeachaigh maoiniú ón gComhairle Ealaíon i bhfeidhm ort?
Cuireann an maoiniú a fhaighimid ón gComhairle Ealaíon ar ár gcumas dul i bhfiontar ó thaobh na healaíne agus na cruthaitheachta de – ealaíontóirí a íoc mar is ceart – saothar nua a chruthú agus a fhorbairt thar thréimhsí fada ama – dul i gcion ar phobail go bríoch agus forbairt ghairmiúil ealaíontóirí a fheabhsú.
Chuir sé ar ár gcumas deiseanna d’ealaíontóirí, do luchtanna féachana agus do phobail araon a shaibhriú agus a shíneadh; rud a mbíonn tionchar an-dearfach aige ar bhonneagar na n-ealaíon i Sligeach agus san Iarthuaisceart.