Is féile ildisciplíneach í Féile na Máthairtheangacha ina ndéantar ceiliúradh ar éagsúlacht teanga agus chultúir trí na healaíona. Cuirtear saothar nua le healaíontóirí a bhog go hÉirinn ó thíortha eile os comhair an phobail agus tá sé mar aidhm ag an bhféile spiorad pobail a chothú trí cheardlanna agus taibhithe cruthaitheacha i dteangacha éagsúla. Tá an rannpháirtíocht i gcroílár na féile seo agus tá an lucht féachana ag éirí níos éagsúla le himeacht gach féile.
Cuireadh tús leis an bhféile in 2018 agus tá sí á maoiniú ag an gComhairle Ealaíon.
Website | Facebook | Instagram
[Dáta uasluchtaithe: 03/03/20]
Conas a dhéanfá cur síos ar do ghnáthamh laethúil?
Tá an fhéile ar cheann de mo thosaíochtaí laethúla ar feadh sé mhí den bhliain nó mar sin. Buailim le healaíontóirí, déanaim plé ar bhealaí comhoibrithe i dtaca le téama na féile, freastalaím ar sheónna agus ceardlanna éagsúla agus leagaim an sceideal amach. Caithim thart ar lá amháin sa tseachtain freisin ag plé le tiomsú airgid, ag comhlánú iarratas ar dheontais agus i mbun comhairle le heagraíochtaí comhpháirtíochta. Caithim cúpla uair an chloig in aghaidh na seachtaine ag léamh agus ag déanamh taighde. Toisc nach bhfuil mórán taithí ar shaol na hÉireann ag bunús na n-ealaíontóirí a gcomhoibrímid leo, nó nach bhfuil siad i bhfad ina gcónaí in Éirinn, caithim am ag fáil amach faoina gcuid oibre agus faoi thírdhreach ealaíne agus stair na tíre as a dtagann siad. Oibrím go dlúth le Elena Cristofanon, duine a bhfuil tionchar mór aici ar an bpróiseas iomlán
Bíonn gach sórt i gceist leis an ngnáthamh laethúil sa tréimhse ghnóthach roimh an bhféile; nuair nach bhfuil ach beirt ar an bhfoireann thiocfadh leat a bheith i mbun aon rud, amhail seoladh an phoist agus bualadh le hambasadóirí. Nuair a bhíonn rudaí níos ciúine, is minic a dhéanaim machnamh ar na ceachtanna a d’fhoghlaim mé sna féilte roimhe seo. Chomh maith leis sin, déanaim obair chun barr feabhais a chur ar nósanna imeachta oibríochta ionas go mbeidh mé níos éifeachtaí le mo chuid ama.
Céard é, dar leat, an dúshlán is mó duit mar Dhéantóir Féile?
Tá an rannpháirtíocht i gcroílár Fhéile na Máthairtheangacha, agus bíonn mórán de na himeachtaí a leagaimid amach i dteangacha seachas Béarla. Is é is ciall leis seo go bhfuil ár lucht féachana an-éagsúil ó thaobh na rudaí a bhfuil spéis agus dúil acu iontu. Seans nach bhfuil na healaíontóirí agus an lucht féachana i bhfad in Éirinn agus, mar sin, b’fhéidir nach raibh siad i láthair ag ár bhféile roimhe seo nó b’fhéidir nach raibh siad riamh sna spásanna ina n-oibrímid. Is é ár misean nascadh le daoine a labhraíonn teangacha seachas Béarla agus teangacha a úsáid mar mheán chun tréimhsí cruthaitheachta a roinnt le chéile. Tá sé sin sách dúshlánach toisc go bhfuil anrud teangacha agus lucht féachana ann, agus is tábhachtach tuiscint cheart a fháil ar lucht féachana ionas gur féidir nascadh leo go fónta. Is é an próiseas seo an ceann is suimiúla. Os a choinne sin, is é an próiseas seo an ceann is déine ar acmhainní. Dá bhrí sin, is é an dúshlán is mó domsa an chothromaíocht cheart a aimsiú idir an próiseas cruthaitheach agus cothú caidrimh agus muiníne le daoine, grúpaí agus cultúir nach bhfuil cur amach agam orthu.
Cad í an chomhairle ab fhearr a cuireadh ort mar Dhéantóir Féile?
Tá an t-ádh orm gur bhuail mé le daoine a bhfuil taithí acu sa réimse seo, daoine a bhí sásta a léargas a thabhairt dom agus comhairle a chur orm faoi réimsí éagsúla, ó thiomsú airgid go rannpháirtíocht an phobail. Is é an píosa comhairle is fearr a tugadh dom plean straitéiseach fadtéarmach a dhéanamh agus roinnt ama a thógáil chun fís a fhorbairt i gcomhair thodhchaí na féile.
Conas a théann an fhéile seo i bhfeidhm ar an gceantar áitiúil, dar leat?
Is é seo an dara bliain a bhfuilimid ag obair i gComhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, i dTamhlacht go sonrach, agus tá méadú ar an lucht freastail ón gceantar áitiúil feicthe againn. Tá an-saibhreas le sonrú i dTamhlacht agus i gComhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas ó thaobh éagsúlacht chultúir agus teanga de agus táimid muiníneach go bhféadfaidh ár bhféile tionchar buan a imirt ar na pobail áitiúla. Tá sé róluath fós chun ár dtionchar a thomhas, ach bhuaileamar le go leor daoine ag an bhféile dheireanach a d’fhiafraigh “conas is féidir linn níos mó de seo a fháil?”.
Cén chaoi a ndeachaigh maoiniú ón gComhairle Ealaíon i bhfeidhm ort?
Díograis agus dúil a spreag cruthú na féile seo, macasamhail mhórchuid na bhféilte is dócha. Bhí dúil agam rud éigin ar leith a fheiceáil agus a bhlaiseadh agus mheas mé go raibh an rud a bhí uaim in easnamh in Éirinn. Ós rud é go bhfuarthas maoiniú ón gComhairle Ealaíon, bhí a fhios agam go raibh tuiscint agus meas ar mo dhíograis, m’fhís agus m’aidhmeanna. Mar thoradh air sin, tugadh muinín dom leanúint ar aghaidh ag feabhsú cháilíocht agus uaillmhian an chláir bliain i ndiaidh bliana.