Tá lá cuimhneacháin iontach ar tí tarlú in Éirinn; comóradh céad bliain fhorórga na poblachta. Mar cheiliúradh air sin, tá clár náisiúnta beartaithe ag an gComhairle Ealaíon, gairm oscailte ar ealaíontóirí agus ar eagraíochtaí ealaíon, chun ionadh a chur orainn agus chun an stát a athnuachan. Le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, beidh an clár ar siúl i rith 2016. Ardán a bheidh ann don phobal agus don stát, agus is deis uathúil a bheidh ann d’ealaíontóirí beocht a chur i samhlaíocht na nÉireannach.
Agus ceiliúradh á dhéanamh ar Chomóradh Céad Bliain Éirí Amach na Cásca in 1916 trí na healaíona agus trí smaointe, tá an stát ag dul, arís eile, i muinín a chuid ealaíontóirí. Sa chéad bliain atá caite ón Éirí Amach i leith, is iad na healaíontóirí príomhchomharthóirí ár náisiúin. Ina gcuid saothair, a cruthaíodh le muinín, feictear an tsamhlaíocht bhuanseasmhach a d’fhéadfadh a bheith in Éirinn. Chruthaigh ealaíontóirí na hÉireann bailiúchán saothair, tráth, nárbh fhéidir é a scaradh ón Éirí Amach. Anois, gairtear orthu saothar a chruthú nach bhféadfaí é a scaradh choíche ón gcomóradh céad bliain.
Agus muid ag cuimhneamh siar, tosaímid amach leis an athnuachan. Gairimid ar ealaíontóirí a bhfís a roinnt linn, a léargas a thabhairt dúinn. Gairm oscailte é seo do shamhlaíocht na hÉireann. Roinnfear an fhreagairt leis an domhan.
Déanfaidh an Chomhairle Ealaíon ‘an t-ealaíontóir agus na healaíona’ a chur ag croílár ár bhfreagartha ar Chomóradh Céad Bliain Éirí Amach na Cásca, 1916.
Áireofar freisin i gclár na Comhairle Ealaíon atá mar chuid de Chlár an Rialtais, Éire 2016, ‘Gairm Oscailte’ ar Thionscadail Náisiúnta, Sparánachtaí d’Ealaíontóirí 16x16, sraith speisialta camchuairte, chomh maith le himeacht mór náisiúnta a fhógrófar amach anseo.
- Faoin nGairm Oscailte ar Thionscadail Náisiúnta, tabharfar deis d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon bheith páirteach sa chomóradh céad bliain trí thograí uaillmhianacha a chruthú. Roghnóidh Coiste Idirnáisiúnta na tionscadail dheireanacha.
- Le Sparánachtaí d’Ealaíontóirí 16 x 16, cuirfear cumas ar ghlúin nua ealaíontóirí gabháil dá gcleachtas.
- Beidh sraith speisialta 2016 leis an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair reatha.