Is éard atá i gceist leis an Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta tacú le tionscnaimh cleachtóirí gairmiúla i bhforbairt agus i gcur i láthair ceoldráma ag trí chéim ar leith. Spreagfar saothar ar ardchaighdeán ealaíne a fhorbairt, agus léirithe iomlána ceoldrámaíochta gairmiúla a mheallann an pobal, a chruthóidh deiseanna d’ealaíontóirí. Is féidir leis na tionscadail sin tosú an 1 Eanáir 2023 nó dá éis, agus léiriúcháin cheoldrámaíochta a bheidh cóirithe go hiomlán don stáitse agus a chuirfear i láthair in 2023, ag teacht le beartas agus straitéis foilsithe na Comhairle maidir leis an gceoldrámaíocht.
Tá trí bhanda maoinithe ar fáil a bhaineann leis an trí shraith den Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta:
- Sraith 1: Tionscadail Cheoldrámaíochta: Forbairt: suas le €25,000 ar a mhéad
- Sraith 2: Tionscadail Cheoldrámaíochta: Cur i Láthair Forbartha agus léiriú iomlán ar scála níos lú: suas le €110,000 ar a mhéad
- Sraith 3: Léiriú na Ceoldrámaíochta: suas le €450,000 ar a mhéad