Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 23 Eanáir 2025 |
---|
Suim a dámhadh | Gan teorainn |
---|
Foirm ealaíne | Ailtireacht, Amharclannaíocht, Camchuairte, Ceol, Ceoldráma, Daoine óga páistí agus na healaíona, Ionaid tionóil, Litríocht, Na físealaíona, Na healaíona rannpháirteachais, Na healaíona traidisiúnta, Rince, Scannán, Sorcas, Spectacle, Taibhiú sráide |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Muireann Walsh |
---|
Teileafón | 016180200 |
---|
ríomhphoist | muireann.walsh@artscouncil.ie |
---|
Tá
fáilte á cur ag An Scéim Camchuairte Saothair 2025 - Babhta 2 roimh iarratais
ar thograí a bhfuil sé mar aidhm acu maoiniú a fháil chun tacú le camchuairt
saothair ar fud na réimsí foirme ealaíne agus cleachtais ealaíon le haghaidh
camchuairteanna a bheidh ar siúl i bPoblacht na hÉireann agus a thosóidh idir
mí Iúil - mí na Nollag 2025 agus Réamhullmhúchán Camchuairteanna do mhí Eanáir
– mí na Nollag 2026. Beidh treoir agus foirm iarratais ann ina dhiaidh
sin.
Tabhair faoi deara go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an gComhairle Ealaíon faoi láthair ar an mbealach a maoinímid camchuairteanna agus tá sé i gceist paraiméadair na dámhachtana seo a athrú. Measaimid an t-athrú a bheith mar chuid lárnach dár ról mar an ghníomhaireacht forbartha do na healaíona in Éirinn. Bíonn na sonraí a chuireann an earnáil ar fáil mar bhonn eolais ag athruithe ar ár gcinnteoireacht agus ár gceapadh beartas.
Cad atá athraithe don bhabhta seo?
- Tá cuspóirí agus tosaíochtaí na dámhachtana seo ailínithe níos dlúithe againn le straitéis na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh;
- Glacfar le hiarratais le haghaidh camchuairteanna ar fud 2025;
- Rinneamar caighdeánú ar an ábhar tacaíochta éigeantach a theastaíonn ó gach iarratasóir – tá roinnt eisceachtaí ann, mar sin, léigh an treoir seo go cúramach
- Chuireamar réimse foirme ealaíne iarratais nua leis (MDA / Rannpháirtíocht sna hEalaíona / YPCE). Iarratasóirí a chuireann béim ar leith ar rannpháirtíocht sna healaíona nó ar Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas, ba cheart do na hiarratasóirí sin an rogha sin a roghnú mar a bpríomhréimse foirme ealaíne;
- Tá ár bpróisis mheasúnaithe agus chinnteoireachta ailínithe againn chun cloí le nós imeachta piarphainéil na Comhairle Ealaíon.
Má tá aon cheisteanna ginearálta agat maidir leis an scéim seo, déan teagmháil le muireann.walsh@artscouncil.ie.
Má tá aon cheisteanna agat a bhaineann go sonrach le foirmeacha ealaíne nó le cleachtais ealaíon, cuir ríomhphost chuig an bhfoireann ábhartha le do thoil. Tá na sonraí teagmhála ar fad ar leathanach Teagmhálacha shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
Tacaíochtaí
Rochtana
Má tá
tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh chun iarratas a dhéanamh, déan
teagmháil lenár nOifigeach Rochtana a luaithe agus is féidir roimh an
spriocdháta.
Guthán:
Ríomhphost: access@artscouncil.ie
Beidh
tú in ann iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise má tá riachtanais rochtana
agat a bhaineann le d’iarratas.
Tabhair
faoi deara: ní ghlacfar le hiarratais ach
amháin trí Shuíomh
Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle
Ealaíon. Murar úsáid tú Seirbhísí ar Líne cheana ní mór duit clárú le haghaidh
logáil isteach le bheith in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Tá sé
tábhachtach go ndéanfaidh tú iarratas a luaithe agus is féidir go bharr go
bhféadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula bpróiseálfar do chlárúchán.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú