Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 06 Aibreán 2023 |
---|
Suim a dámhadh | €50,000 |
---|
Foirm ealaíne | Ealaíona Idirnáisiúnta |
---|
Cineál lucht éisteachta | Eagraíocht |
---|
Teagmhálaí | Evelyn O'Keeffe |
---|
Teileafón | 087 2458361 |
---|
ríomhphoist | Evelyn.OKeeffe@artscouncil.ie |
---|
Post | Oifigeach Ealaíon Idirnáisiúnta |
---|
Cuspóir agus tosaíochtaí na dámhachtana
Is é feidhm na scéime seo ná tacú le
heagraíochtaí ealaíne i seachadadh tionscnamh cónaitheachta agus deiseanna a
chruthú le haghaidh aistriú agus comhoibriú trasnáisiúnta i ngach foirm
ealaíon. Tá sé mar aidhm ag an scéim éascaíocht a dhéanamh do chláir
chónaitheachtaí éagsúla lena mbaineann comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí atá
lonnaithe thar lear agus, rud lena gcruthaítear creat tacúil don
soghluaisteacht idirnáisiúnta agus d’fhorbairt ghairmiúil ealaíontóirí agus
cleachtóirí ealaíne.
Is í béim na scéime ná eagraíochtaí
ealaíne a chumasú chun creataí comhoibríocha a bhunú nó a dhaingniú le
comhpháirtithe thar lear. Cé nach mór do na creataí seo a bheith dírithe go
heisiach ar thionscnaimh chónaitheachta a sheachadadh a ghabhfaidh chun tairbhe
ealaíontóirí agus an phobail, fágann na cineálacha tograí go mbeifear in ann
freagairt go solúbtha do riachtanais ar leith gach comhpháirtíochta, foirme
ealaíne agus spriocanna ealaíonta.
Cé atá i dteideal iarratas a
dhéanamh?
Tá an scéim oscailte dóibh siúd in
eagraíochtaí atá ag obair i ngach foirm agus cleachtas ealaíne. Le bheith
incháilithe iarratas a dhéanamh, ní mór d’eagraíocht a bheith lonnaithe i
bPoblacht na hÉireann agus a bheith in ann baint ghníomhach le heagraíocht
comhpháirteach amháin eile ar a laghad a léiriú.
Tabhair faoi deara: Ní féidir le heagraíochtaí ach iarratas amháin a
leagan isteach mar phríomhiarratasóir gach bliain.
Tacaíochtaí rochtana
Dá mba mhaith leat tacaíocht a fháil le
d’iarratas de bharr riachtanas inrochtaineachta, déan teagmháil lenár
n-oifigeach inrochtaineachta, Adrienne Martin, trí seachtaine ar a laghad roimh
an spriocdháta, nó chomh luath agus is féidir, le do thoil, mar cinnteoidh sé
sin go mbeidh a dóthain ama ag Adrienne chun tacú leat. Cuirfimid an tacaíocht
in oiriúint d’iarratais aonair.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar
chostais bhreise le riachtanais rochtana a d’fhéadfaí a bheith agat mar chuid
de do thogra a shásamh.
Is féidir leat:
Glaoch a chur ar Adrienne ar (01 618 0219) nó
Seol ríomhphost chuig Adrienne ag
adrienne.martin@artscouncil.ie
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú