Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 30 Meitheamh 2022 |
---|
Suim a dámhadh | Gan teorainn |
---|
Foirm ealaíne | Ailtireacht, Amharclannaíocht, Camchuairte, Ceol, Daoine óga páistí agus na healaíona, Ionaid tionóil, Litríocht, Na físealaíona, Na healaíona rannpháirteachais, Na healaíona traidisiúnta, Rince, Scannán, Sorcas, Spectacle, Sráidealaín |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Suzanne Ring |
---|
Teileafón | 01 61 80 200 |
---|
ríomhphoist | suzanne.ring@artscouncil.ie |
---|
Tá iarratais á
lorg i gcomhair tograí a bhfuil maoiniú á lorg iontu chun tacaíocht a thabhairt
do shaothar a thabhairt ar chamchuairt agus a scaipeadh thar raon foirmeacha
ealaíne agus raon cleachtais ealaíne. Ceapadh an scéim seo chun tacú le
camchuairteanna agus scaipeadh saothair a gcuirfear tús leo idir mí Eanáir 2023
agus mí Meithimh 2023.
Tá an Scéim
Camchuairte agus Scaipthe Saothair oscailte d’iarratais ó eagraíochtaí agus ó
dhaoine aonair. Spreagtar iarratais ina léirítear comhoibriú / comhpháirtíocht
idir líonraí, cuibhreannais nó grúpaí eile láithreoirí, go háirithe nuair a
léirítear iontu ardleibhéal rannpháirtíochta le luchtanna féachana/éisteachta
agus ardleibhéal comhoibrithe leis an aonán nó leis na healaíontóirí atá i mbun
léirithe.
Féach an Scéim
Camchuairte agus Scaipthe Saothair, Treoirlínte d’Iarratasóirí in 2023 le
haghaidh sonraí faoin scéim lena n-áirítear foirmeacha ealaíne ar leith agus
tosaíochtaí cleachtais ealaíon.
Má tá aon
cheist ghinearálta agat maidir leis an scéim seo, déan teagmháil le
suzanne.ring@artscouncil.ie, le do thoil.
Má tá aon
cheisteanna agat a bhaineann go sonrach le foirmeacha ealaíne nó le cleachtais
ealaíon, cuir ríomhphost chuig an bhfoireann ábhartha le do thoil. Tá na sonraí
teagmhála ar fad ar leathanach
Teagmhálacha shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
Tabhair faoi
deara go bhfuiltear ag tabhairt faoin Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
faoi láthair agus d’fhéadfaí athruithe a dhéanamh i mbabhtaí maoinithe sa
todhchaí.
Ní mór go
mbeadh na camchuairteanna ag tosú idir Eanáir 2023 agus Meitheamh 2023.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú