Spriocdháta | 18:00, Déardaoin 29 Meán Fómhair 2022 |
---|
Suim a dámhadh | €15,000 |
---|
Foirm ealaíne | Ceol, Na healaíona traidisiúnta |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Is é an spriocdháta ná 29 Meán Fómhair, 18:00
Is clár camchuairte comhchoimisiúnaithe é Beyond Borders (Thar Teorainn) a reáchtáiltear i gcomhpháirtíocht le Creative Scotland, Comhairle Ealaíon na Breataine Bige, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus an Chomhairle Ealaíon.
Tá maoiniú suas le £15,000 ar fáil le haghaidh tionscadal, ina measc coimisiúin nua, taifeadtaí agus léirithe an athuair de cheol a scríobhadh le cúig bliana anuas.
Spreagann an deis seo comhoibriú idir eagraíochtaí agus bannaí/ensembles i Sasana, Tuaisceart Éireann, Poblacht na hÉireann, Albain agus an Bhreatain Bheag. Cuireann sé ar chumas cruthaitheoirí ceoil ábhar nua den scoth a léiriú, ábhar a bheidh le taibhiú i dtrí cinn de na tíortha sin ar a laghad. Seoladh é in 2010, agus thacaigh an scéim le 31 tionscadal go dtí seo, ag tabhairt eagraíochtaí agus cruthaitheoirí ceoil le chéile ar fud na Ríochta Aontaithe agus thar lear.
Chun iarratas a dhéanamh agus chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig http://www.prsformusicfoundation.com/Partnerships/Flagship-Programmes/Beyond-Borders