Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 13 Eanáir 2022 |
---|
Suim a dámhadh | Gan teorainn |
---|
Foirm ealaíne | Ailtireacht, Amharclannaíocht, Camchuairte, Ceol, Daoine óga páistí agus na healaíona, Ionaid tionóil, Litríocht, Na físealaíona, Na healaíona rannpháirteachais, Na healaíona traidisiúnta, Rince, Scannán, Sorcas, Spectacle, Sráidealaín |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teileafón | 01 6180260 |
---|
Tá iarratais á lorg i gcomhair tograí ina
bhfuil maoiniú á lorg i gcomhair tionscnamh atá ar ardchaighdeán ealaíne agus
ina gcuirtear an-bhéim ar an lucht féachana/éisteachta tríd is tríd. Glacfar le
hiarratais sna foirmeacha ealaíne liostaithe thuas. Ní mór go mbeadh na
camchuairteanna bheidh ar siúl in 2023. Tá an scéim
oscailte d’iarrthóirí atá ina gcónaí i bPoblacht na hÉireann nó i dTuaisceart
Éireann. Féadfaidh camchuairteanna taisteal chuig Tuaisceart Éireann agus chuig
Poblacht na hÉireann.
[Tabhair faoi deara má tá tú lonnaithe i dTuaisceart Éireann beidh ort dul i dteagmháil leis an gComhairle Ealaíon chun clárú ag regina.oshea@artscouncil.ie nó 01 6180260]
Tá an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
oscailte d’iarratais ó eagraíochtaí agus ó dhaoine aonair. Spreagtar iarratais
ina léirítear comhoibriú / comhpháirtíocht idir líonraí, cuibhreannais nó
grúpaí eile láithreoirí, go háirithe nuair a léirítear iontu ardleibhéal
rannpháirtíochta le luchtanna féachana/éisteachta agus ardleibhéal comhoibrithe
leis an aonán nó leis na healaíontóirí atá i mbun léirithe.
Tá iarratasóirí atá ag fáil maoiniú eile de
chuid na Comhairle Ealaíon i dteideal iarratas a dhéanamh, ar an gcoinníoll go
mbeidh sé soiléir go bhfuil an ghníomhaíocht camchuairte nó scaipthe saothair
dá bhfuil maoiniú á lorg sa bhreis ar na gníomhaíochtaí a bhfuil maoiniú
tairgthe ina leith ag an gComhairle Ealaíon cheana féin.
Ní mór go mbeadh na
camchuairteanna ag tosú idir Eanáir 2021 agus Nollaig 2021.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú