Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 19 Deireadh Fómhair 2023 |
---|
Suim a dámhadh | €2,500,000 |
---|
Foirm ealaíne | Rince |
---|
Cineál lucht éisteachta | Grúpa, Eagraíocht |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Elaine Connolly |
---|
Teileafón | (01) 6180 233 |
---|
ríomhphoist | elaine.connolly@artscouncil.ie |
---|
Ní féidir leat an t-iarratas seo a chur isteach ach amháin má tá iarratas déanta agat ar Chéim 1 de Chuid 1 de Chuideachta Damhsa Nua 2023 agus go bhfuil treoir tugtha duit iarratas a chur isteach chuig 2023 Cuideachta Damhsa Nua Céim 2.
Is iad cuspóirí an tionscnaimh seo ná príomhchompántas damhsa neamhspleách nua a bhunú, atá tiomanta i dtreo léiriú damhsa ar gach scála, fostú rinceoirí a choimisiúnú, chomh maith le camchuairteanna náisiúnta, Thuaidh/Theas agus idirnáisiúnta.
Is tionscnamh é an ghairm tograí seo, tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon chomh maith le toradh Bheartas Damhsa na Comhairle Ealaíon: Rince Chun Cinn 2022-2025. Is cuspóir dár gcuid é go nglacfaidh an t-iarratas/togra rathúil faoi ghníomhaíochtaí
a dhéantar ar bhonn uile-oileáin. I gcomhthéacs thosaíochtaí straitéiseacha na Comhairle Ealaíon maidir leis an ealaíontóir agus rannpháirtíocht an phobail, ba cheart do phríomhchuspóirí agus cláir an chompántais nua cur go cuí le forbairt gairmithe
damhsa agus le forbairt na foirme ealaíne in Éirinn agus lucht féachana á fháil, á fhorbairt agus á éagsúlú le haghaidh damhsa sa ghearrthréimhse, sa mheántréimhse agus san fhadtréimhse.
Compántas Damhsa Nua – Tuarascáil
FII
Choimisiúnaigh an Chomhairle Ealaíon an tuarascáil seo agus bronnadh í ar Fhéile agus Imeachtaí Idirnáisiúnta (FII). Is athbhreithniú neamhspleách í an tuarascáil seo, a bhfuil mar aidhm aici iarratasóirí a chuidiú, agus a mbunófar compántas
damhsa lánaimseartha nua in Éirinn dá bharr mar atá molta ag Beartas Damhsa na Comhairle Ealaíon 2022 - Rince Chun Cinn. Déanann an tuarascáil achoimre ar an taighde, leagann sé paraiméadair fhéideartha amach don chompántas nua agus luann
sé cuir chuige fhéideartha dá reáchtáil. Tá sé d’aidhm aici cabhair a thabhairt do Chomhairle Ealaíon na hÉireann a chuid smaointeoireachta faoin gcompántas a fhorbairt, chomh maith le hiarratasóirí féideartha chun tuiscint a fháil ar an gclár is
dóigh a bheidh ag an gcompántas, ar an timpeallacht ina bhfeidhmeoidh sé agus ar réimse a chuid deiseanna agus acmhainneachta..
Laistigh den tuarascáil seo, chuaigh an FII i gcomhairle go forleathan leis an earnáil damhsa i bPoblacht na hÉireann, i dTuaisceart Éireann agus go idirnáisiúnta agus léiríonn an tuarascáil seo torthaí an chomhairliúcháin seo. Ní thugann na buiséid agus
na scálaí tuarastail laistigh den tuarascáil seo le fios go bhfuil teorann nó sprioc ann, agus is léiriú iad ar thaighde an údair, rud a bhfuil i gceist aige pleanáil airgeadais féideartha a thaispeáint agus ní moltaí iad arna n-eisiúint ag an gComhairle
Ealaíon.
Íoslódáil an tuarascáil iomlán:Compántas Damhsa Nua - Tuarascáil FII
Tacaíochtaí
Rochtana
Má tá
tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh chun iarratas a dhéanamh, déan
teagmháil lenár nOifigeach Rochtana a luaithe agus is féidir roimh an
spriocdháta.
Guthán:
Ríomhphost: access@artscouncil.ie
Beidh
tú in ann iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise má tá riachtanais rochtana
agat a bhaineann le d’iarratas.
Tabhair
faoi deara: ní ghlacfar le hiarratais ach
amháin trí Shuíomh
Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle
Ealaíon. Murar úsáid tú Seirbhísí ar Líne cheana ní mór duit clárú le haghaidh
logáil isteach le bheith in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Tá sé
tábhachtach go ndéanfaidh tú iarratas a luaithe agus is féidir go bharr go
bhféadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula bpróiseálfar do chlárúchán.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú