Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 06 Meitheamh 2024 |
---|
Suim a dámhadh | €230,000 |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Aletta Meijer |
---|
Teileafón | (01) 618 0200 |
---|
ríomhphoist | aletta.meijer@artscouncil.ie |
---|
Post | Film Assistant |
---|
Is é
cuspóir Authored Works saoirse chruthaitheach agus eagarthóireachta a thabhairt
d’ealaíontóirí scannán chun saothar fadscannáin chultúrtha le húdar a dhéanamh
ó dhearcadh láidir ealaíonta. Ní mór go mbeadh na scannáin faoi threoir
ealaíontóra.
Tacófar le scannán amháin in 2023. Cuirfear ciste iomlán €247,500 ar
fáil don iarrthóir a n-éiríonn leis. Áirítear anseo ciste léiriúcháin iomlán
€230,000 agus tacaíocht taispeántais bhreise €17,500, a chuirfear ar fáil tar
éis an scannán a chur i gcrích agus nuair a chuirtear straitéis taispeántais
isteach lena faomhadh ag an gComhairle Ealaíon. Ní chuirfear san áireamh ach
scannáin is féidir a dhéanamh laistigh den bhuiséad seo. Caithfear an scannán a
chríochnú lena thaispeáint den chéad uair ag Institiúid Scannán na hÉireann, ár
gcomhpháirtí taispeántais, ar dháta a aontófar in 2025. Iarrfar ar iarratasóirí ar an ngearrliosta sonraí a dtogra a phlé leis an bpainéal roghnúcháin a bhfuiltear ag súil a thionólfar i mí Iúil 2023.
Beidh
ar thionscadail a n-éireoidh leo Prionta Pictiúrlann Digiteach (DCP) amháin ar
a laghad a chur ar fáil lena cur i dtaisce i gCartlann IFI mar chuid de
riachtanais sheachadta Authored Works. Ba cheart socrú a dhéanamh ina leith seo
laistigh de bhuiséad an iarratais.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú