Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 19 Eanáir 2023 |
---|
Suim a dámhadh | €15,000 |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Teagmhálaí | Alan Farrell |
---|
Teileafón | 01 618 0200 |
---|
ríomhphoist | alan.farrell@artscouncil.ie |
---|
Post | Traditional Arts Officer |
---|
Is comhthionscnamh idir an Chomhairle Ealaíon agus an Ceoláras Náisiúnta é Dámhachtain Liam O’Flynn mar chuid den chomhoibriú atá ar bun acu chun na healaíona traidisiúnta a chur chun cinn, tuiscint ar na healaíona traidisiúnta a chothú agus léiriú a
dhéanamh ar a thaitneamhaí atá na healaíona traidisiúnta; tá an fhéile cheoil thraidisiúnta Tradition Now mar chuid den obair seo freisin.
Déantar ceiliúradh le Dámhachtain Liam O’Flynn ar ról an ealaíontóra chruthaithigh thraidisiúnta aonair maidir le saothar nua a chruthú, comhshaothar agus nuálaíocht a chur chun cinn agus na healaíona traidisiúnta a sheachadadh ionas go mbeidh an chéad
ghlúin eile in ann taitneamh a bhaint astu agus iad a chleachtadh.
Is é aidhm Dhámhachtain Liam O’Flynn tréimhse machnaimh, inspreagtha agus cruthaithe a chur ar fáil d’ealaíontóir traidisiúnta ar mhaithe leis an ealaín agus é/í ina (h)ealaíontóir cónaitheach sa Cheoláras Náisiúnta agus chun tuiscint agus eolas ar na
healaíona traidisiúnta agus an taitneamh a bhaintear as na healaíona traidisiúnta a mhéadú i dtimpeallacht shaibhir an Cheolárais Náisiúnta.
Is iad cuspóirí na dámhachtana:
Timpeallacht atá tacúil, spreagúil agus dúshlánach go healaíonta a chur ar fáil don ealaíontóir traidisiúnta roghnaithe.t
Spás oibre fisiciúil a chur ar fáil dá t(h)áirgeadh ealaíonta machnamhach agus cruthaitheach.
Tacú le comhoibriú ealaíonta.
Caidreamh oibre a éascú le Foireann Foghlama agus Rannpháirtíochta an Cheolárais Náisiúnta.
Gabháil le luchta féachana agus éisteachta na n-ealaíon traidisiúnta. ;
Roinntear Dámhachtain Liam O’Flynn ina dhá chuid:;
€10,000 le caitheamh ar tháillí agus ar chostais mhaireachtála le linn na tréimhse. Cuirfidh an t-airgead sin ar chumas an ealaíontóra taighde atá bunaithe ar chleachtas agus obair chruthaitheach a dhéanamh sa Cheoláras Náisiúnta
€5,000 le caitheamh ar tháillí agus costais eile a bhainfidh leis an gcomhoibriú le healaíontóirí eile agus saothar idir lámha a chur i láthair.
Spás oibre sa Cheoláras Náisiúnta
Tacaíocht ghairmiúil agus comhairle ar ghairm beatha
Glactar le hiarratais ar Dhámhachtain Liam O’Flynn ó ealaíontóirí a oibríonn in aon cheann de na seánraí seo a leanas: ceol uirlise; amhránaíocht; damhsa; na healaíona béil ar nós na scéalaíochta, agallamh beirte nó lúibíní. Cuirtear fáilte roimh iarratais
ar Dhámhachtain Liam O’Flynn ó ealaíontóirí sinsearacha, ó ealaíontóirí seanbhunaithe agus iad i lár a ngairme, agus ó ealaíontóirí óga agus atá ag teacht chun cinn..
Bronntar dámhachtain amháin i 2023.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú