Spriocdháta | Déardaoin 08 Meitheamh 2023 |
---|
Suim a dámhadh | €120,000 |
---|
Foirm ealaíne | Scannán |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Steffi Kelly |
---|
Teileafón | (01) 618 0200 |
---|
ríomhphoist | steffi.kelly@artscouncil.ie |
---|
Post | Assistant |
---|
Is é an cuspóir atá le Reel Art deis a chur ar fáil d’ealaíontóirí scannán chun cláir faisnéise atá an-chruthaitheach, an-samhlaíoch agus an-turgnamhach a dhéanamh ar théama ealaíne lena taispeáint sa phictiúrlann. Tabharfar
tacaíocht do dhá scannán ar a laghad in 2023.
Cuirfear ciste iomlán €135,000 ar fáil don dá iarrthóir a
n-éiríonn leo (ar a n-áireofar buiséad léirithe €120,000 agus tacaíocht
taispeántais bhreise €15,000). Ní chuirfear san áireamh ach scannáin is féidir
a dhéanamh laistigh den bhuiséad seo. Caithfear na scannáin a chríochnú le
taispeáint den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath, ár
gcomhpháirtí tionscadail, i mí Feabhra 2025.
Reel Art mar aidhm aici tacaíocht a chur ar fáil d’ealaíontóirí scannán le scannáin faisnéise ealaíne a chruthú nach gcruthófaí murach í. Cuireann an dámhachtain deis faoi leith ar fáil do scannánóirí saothar ealaíonta scannáin a dhéanamh ar ábhair ealaíon. Ba cheart go mbeadh paisean ag scannánóirí don ábhar agus a bheith in ann é sin a chur in iúl ar an scáileán.
Beidh ar thionscadail a n-éireoidh leo Prionta Pictiúrlann Digiteach (DCP) amháin ar a laghad a chur i gcrích lena cur i dtaisce i gCartlann IFI mar chuid de riachtanais sheachadta Reel Art. Ba cheart socrú a dhéanamh ina leith seo laistigh de bhuiséad an iarratais.
Caithfear scannáin Reel Art a dhéanamh laistigh den uasbhuiséad €120,000 agus caithfear é a chur i gcrích an 1 Nollaig 2024 nó roimhe sin.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú