Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 16 Samhain 2023 |
---|
Suim a dámhadh | €80,000 |
---|
Foirm ealaíne | Na físealaíona |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair, Eagraíocht |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teileafón | 01 6180200/01 6180243 |
---|
ríomhphoist | awards@artscouncil.ie |
---|
Cuspóir na dámhachtana
Is é cuspóir Bhabhta 2 de Dhámhachtain do Thionscadal sna hAmharc-ealaíona 2023 ná tacú le réamh-léiriúchán nó cur i láthair saothair a bhfuil obair le tosú air ón 1 Meitheamh 2023.
Is féidir cur isteach ar Bhabhta 2 de Dhámhachtain do Thionscadal
sna hAmharc-ealaíona 2023 faoi dhá snáithe:
Snáithe 1: Pleanáil agus Réamh-Léiriúchán:
- Tacaíonn Snáithe 1 le healaíontóirí, le coimeádaithe nó le léiritheoirí chun pleananna a ullmhú agus a dheimhniú, chomh maith le taighde a dhéanamh ar na pleananna céanna le haghaidh saothar amharc-ealaíne nua agus uaillmhianach a chuirfear i láthair
amach anseo.
- Tacaíonn an snáithe seo le forbairt agus le hullmhúchán tionscadail nó coimisiúin seachas a chur i láthair poiblí nó toradh.
- Is é €7,000 an t-uasmhéid ar féidir iarratas a dhéanamh air.
Snáithe 2: Léiriúchán:
- Tacaíonn Snáithe 2 le táirgeadh agus coimisiúnú tionscadal uaillmhianach sna hamharc-ealaíona, agus béim ar chur i láthair agus ar rannpháirtíocht an phobail.
- Féadann na tionscadail sin tarlú i spás poiblí, suíomh dánlainne, suíomhanna agus ionaid neamhghnácha nó ar ardáin dhigiteacha.
- Is do chéim dheireanach an tionscadail é Snáithe 2.
- Is é €80,000 an t-uasmhéid ar féidir iarratas a dhéanamh air.
- Má éiríonn leo, beidh bliain amháin ag iarrthóirí ó fhaigheann torthaí na gníomhaíochtaí uile a bhaineann lena n-iarratas tionscadail a chur i gcrích.
Tabhair faoi deara:
- Tá ábhar tacaíochta difriúil i gceist le Snáithe 1 agus le Snáithe 2 den Dámhachtain do Thionscadal sna hAmharc-ealaíona. Ciallaíonn ábhar tacaíochta ábhar ar leith ó d’fhoirm iarratais agus sa bhreis air.
- Caithfear
an t-ábhar tacaíochta ar fad a theastaíonn a chur isteach leis an bhfoirm iarratais. Leagtar an t-ábhar sin ar fad amach sna treoirlínte a thagann leis an dámhachtain.
- Má dhéanann tú iarratas ar Shnáithe 1, féadfaidh tú iarratas
a dhéanamh ar Shnáithe 2 amach anseo chun an tionscadal a léiriú agus a chur i láthair.
- Tá an-éileamh ar an Dámhachtain do Thionscadal faoi na hAmharc-Ealaíona, agus beifear ag súil leis go léireoidh iarratais an chaoi a ndéanfar an togra
deiridh (snáithe 2) a phleanáil, a bhainistiú, agus a chur i láthair.
- Beidh dearbhú ó rannpháirtithe nó príomhpháirtithe eile an togra tionscadail le cur san iarratas.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú