Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 30 Márta 2023 |
---|
Suim a dámhadh | €330,000 |
---|
Foirm ealaíne | Ealaín Áitiúil Áite agus Poiblí, Ionaid tionóil |
---|
Cineál lucht éisteachta | Grúpa, Eagraíocht, Údarás áitiúil, , |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Eimear Kelleher |
---|
Teileafón | (087) 9132852 |
---|
ríomhphoist | Eimear.Kelleher@artscouncil.ie |
---|
Is féidir leis
an bpríomhiarratasóir ar Dhámhachtain na nÁiteanna Ildánacha a bheith ina
údarás áitiúil, ina eagraíocht ealaíon nó ina eagraíocht forbartha pobail. Cibé
an príomhiarratasóir, ní mór dó, ar a laghad: comhoibriú leis an dá chineál eagraíochta
eile agus iad a chur san áireamh mar chomhpháirtithe d’fhonn cur chuige
inbhuanaithe ón mbun aníos don chruthaitheacht agus don fhorbairt ealaíon
áitiúil a spreagadh. Cruthóidh sé deiseanna nua le haghaidh pobail
áitiúla chun taithí ealaíon a chinneadh, a cheapadh agus chun bheith
rannpháirteach iontu, sna háiteanna ina bhfuil cónaí orthu.
Beidh tograí á
lorg againn atá bunaithe ar shócmhainní; is é sin, tograí ina bhféachfar iontu
ar cad atá ann sa cheantar ar féidir tógáil air agus is féidir a fhorbairt, in
ionad tograí ina bhféachfar iontu ar cad atá in easnamh i gceantar ar bith. Cur
chuige cuimsitheach agus ilghnéitheach a bheidh ann, ceann atá fite fuaite le
cleachtais atá gníomhach go sóisialta agus le prionsabail na forbartha pobail. Tógfar
ann ar láidreachtaí cultúrtha atá ann cheana féin, beidh sé faoi stiúir
rannpháirtíocht agus smaointe an phobail agus beidh tacaíocht ó ealaíontóirí
ann dó.
Is féidir le
hiarratasóirí cur isteach ar Dhámhachtain na nÁiteanna Ildánacha nó ar an
Dámhachtain Taighde agus Forbartha. Chun a bheith i dteideal iarratas a chur
isteach, ní mór go mbeadh an t‑iarratasóir ina údarás áitiúil, ina eagraíocht
ealaíon nó ina eagraíocht forbartha pobail.
1.
Dámhachtain na nÁiteanna Ildánacha
Dámhachtain
ilbhliantúil a bheidh ann a dhéanfar a bhronnadh in imeacht trí bliana.
Clúdófar ceapachán Chomhordaitheoir na nÁiteanna Ildánacha agus buiséad an
chláir sa dámhachtain. Is é €330,000 an t-uasmhéid gur féidir cur isteach air
thar thrí bliana (€90,000, €115,000, €125,000. Sa bhliain 2023, meastar go
mbronnfar suas le ceithre dhámhachtain.
2.
Dámhachtain Taighde agus Forbartha na nÁiteanna Ildánacha
Dámhachtain
eisceachtúil a bheidh sa dámhachtain sin, ar féidir í a tharraingt anuas in
imeacht ocht mí dhéag. Clúdófar táillí a bhaineann le taighde agus costais
chomhairliúcháin sa dámhachtain. Is é €35,000 an t-uasmhéid gur féidir cur
isteach air. Sa bhliain 2023, meastar go mbronnfar suas le trí dhámhachtain.
Beidh iarratais ar oscailt 28
Feabhra, 2023.
Íoslódáil Ceisteanna Coitianta le
haghaidh Áiteanna Cruthaitheacha anseo
Le haghaidh aon fhiosrúcháin
eile, seol ríomhphost chuig Eimear.Kelleher@artscouncil.ie
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú