Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 05 Deireadh Fómhair 2023 |
---|
Suim a dámhadh | Gan teorainn |
---|
Cineál lucht éisteachta | Eagraíocht |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teileafón | 01 6180200/01 6180243 |
---|
ríomhphoist | awards@artscouncil.ie |
---|
Cuspóir
Is é is cuspóir le Maoiniú Comhpháirtíochta ná infheistíocht a chur sa bhonneagar riachtanach a theastaíonn chun na healaíona a chothú agus a fhorbairt in Éirinn agus tacaíocht a thabhairt don bhonneagar sin.
Ní mór dóibh siúd a fhaigheann Maoiniú Comhpháirtíochta obair ríthábhachtach a dhéanamh le go gcuirfí na tosaíochtaí beartais a shonraítear i straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon (Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh) i gcrích.
Agus Maoiniú Comhpháirtíochta á tairiscint aici, is mian leis an gComhairle Ealaíon an méid seo a leanas a chinntiú:
- Go gcuirfear ealaín den scoth agus/nó gníomhaíochtaí, imeachtaí agus seirbhísí ealaíon den scoth ar fáil
- Go gcruthófar timpeallacht thacúil faoi choinne fhorbairt na n-ealaíon
- Go nginfear deiseanna den scoth um fhorbairt ghairmiúil le haghaidh ealaíontóirí/gairmithe ealaíon atá ag cleachtadh a ngairme
- Go mbainfidh níos mó daoine taitneamh as taithí ealaíon ardchaighdeáin, lena n-áirítear lucht féachana níos éagsúla
- Go nglacfaidh an pobal níos mó páirte sna healaíona, go háirithe pobail nua, daoine a bhfuil deacrachtaí acu teacht ar na healaíona, daoine óga agus leanaí
- Go mbainfear caighdeáin sármhaitheasa amach maidir le rialachas agus bainistíocht sna healaíona.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
Is eagraíochtaí rialtais áitiúil agus eagraíochtaí reachtúla amháin atá in ann iarratas a dhéanamh ar Mhaoiniú Comhpháirtíochta.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú