Suim a dámhadh | €40,000 |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Teileafón | 01-6180200/01-6180243 |
---|
ríomhphoist | awards@artscouncil.ie |
---|
Tabhair faoi deara: glacfar le hiarratais don dámhachtain seo ar bhonn leanúnach go dtí 17:30, Déardaoin, an 10 Nollaig.
I bhfianaise thosca uathúla COVID-19, forbraíodh an Scéim Maoinithe Críochnaithe COVID-19 mar dhámhachtain aonuaire chun tacú le tionscadail nó gníomhaíochtaí atá maoinithe ag an gComhairle Ealaíon a chríochnú agus/nó a chur i gcrích.
Tá an dámhachtain beartaithe le costais a bhaineann le COVID-19 a íoc, iad siúd a bhaineann le treoracha sábháilteachta náisiúnta agus/nó earnála a chur i bhfeidhm san áireamh. Tá sí ceaptha chun obair atá maoinithe faoi na cláir a liostaítear thíos a chríochú agus/nó a chur i gcrích i gcomhréir le rún ealaíne an togra bhunaidh maoinithe, agus, ar an gcaoi sin, a chinntiú go dtacófar le healaíontóirí agus oibreoirí ealaíon saothar a chruthú.
Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair/d’eagraíochtaí a fuair maoiniú in 2019 le haghaidh gníomhaíocht in 2020 faoi na cláir mhaoinithe seo a leanas:
Maoiniú Deontais do na hEalaíona 2020
Tionscadail 2020 (Gach foirm agus cleachtas ealaíne)
An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta, 2020
Reel Art 2019
Authored Works 2019
Rannpháirtíocht san Ailtireacht 2019
Scéim Ensembles na nÓg 2020
Dámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis 2020 (arna bronnadh in 2020)
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú