Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 11 Bealtaine 2023 |
---|
Suim a dámhadh | €200,000 |
---|
Foirm ealaíne | Amharclannaíocht |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair, Eagraíocht |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teileafón | 01 6180200 / 01 6180243 |
---|
ríomhphoist | theatre@artscouncil.ie |
---|
Oibreoidh an Chomhairle Ealaíon i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Chorcaí (CCC) chun aonán oiriúnach a aithint chun Ionad Forbartha Téatair a reáchtáil agus a bhainistiú, atá in ann tacú le forbairt amharclannaíochta gairmiúla i gCathair Chorcaí.
Beidh an t-ionad ina shaoráid d'ealaíontóirí amharclannaíochta, do dhrámadóirí agus do dhéantóirí chun tréimhsí ama a chaitheamh i spás atá feistithe go cuí chun ceardlanna agus trialacha a dhéanamh ar a gcuid smaointe agus iad a fhorbairt. Cé gur cheart go bhféadfaí imeachtaí poiblí a óstáil sa spás ó am go chéile, ní léiriú poiblí a phríomhfheidhm.
Tacaíochtaí Rochtana
Má tá tú faoi mhíchumas agus ba mhaith leat iarratas a dhéanamh, déan teagmháil le hOifigeach Rochtana na Comhairle Ealaíon le do thoil, ar an nguthán (01 618 0200/01 618 0243) nó trí ríomhphost (access@artscouncil.ie) chomh luath agus is féidir roimh an spriocdháta.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise le riachtanais rochtana a d’fhéadfadh a bheith agat mar chuid de d’iarratas a chlúdach.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú