Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 01 Meitheamh 2023 |
---|
Suim a dámhadh | €45,000 |
---|
Foirm ealaíne | Ailtireacht, Amharclannaíocht, Ceol, Ceoldráma, Daoine óga páistí agus na healaíona, Féilte, Litríocht, Na físealaíona, Na healaíona rannpháirteachais, Na healaíona traidisiúnta, Rince, Scannán, Sorcas, Spectacle, Sráidealaín |
---|
Cineál lucht éisteachta | Eagraíocht |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Regina O'Shea |
---|
Teileafón | 6180260 |
---|
ríomhphoist | smallfestivals@artscouncil.ie |
---|
Post | Foireann na bhFéilte |
---|
An chéad babhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS) le haghaidh féilte a thosaíonn idir an 1 Eanáir 2024 go 30 Meitheamh 2024 fógartha ag an gComhairle Ealaíon.
Is é ról na Comhairle Ealaíon tacú le timpeallacht féilte ealaíon ilghnéitheacha agus éagsúla agus tacú lena forbairt, mar aon le sraith tacaíochtaí a chur ar fáil a spreagann samhlacha a bhfuil an cleachtas is fearr acu, i.e. samhlacha a mhéadaíonn deiseanna do chaidreamh leis an bpobal nó do rannpháirtíocht an phobail nó a fhorbraíonn saothar ealaíontóra/foirm ealaíne.
I dtaca leis sin cuireann an Chomhairle Ealaíon tacaíocht airgeadais ar fáil d’fhéilte beaga chun taithí ar ealaíona ardcháilíochta a thabhairt do lucht féachana agus éisteachta. Tugtar tosaíocht freisin do chláir a chruthaíonn rannpháirtíocht na bpobal áitiúil agus atá ábhartha dóibh nó do phobail leasmhara.
Aithníonn an Chomhairle Ealaíon an éagsúlacht a bhaineann le samhlacha oibriúcháin d’fhéilte agus an éagsúlacht shaibhir de réimsí cleachtais foirm ealaíne a chuireann féilte i láthair agus an ról ríthábhachtach atá acu chun rochtain an phobail ar na healaíona a leathnú. Aithníonn an Chomhairle an méid mór oibre a dhéanann na coistí deonacha maidir leis na féilte seo a fhorbairt.
I dtaca leis sin cuireann an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh iarratais ó eagraíochtaí (deonacha agus proifisiúnta) a bhíonn ag oibriú ar chláir féile bhliantúla, dhébhliantúla nó thríbhliantúla agus tacaíonn sí (tríd an dámhachtain seo) le féilte ealaíon ildisciplíneacha, mar aon le féilte a bhaineann le foirm ealaíne amháin.
Is scéim iomaíoch í Scéim Infheistíochta na bhFéilte a thugann tacaíocht mhaoinithe chun féilte a reáchtáil ar bhonn neamh-athfhillteach.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go dtugtar maoiniú faoin gclár seo ar bhonn aon-uaire.
Mar sin, níor chóir dóibh siúd a fuair dámhachtainí sna babhtaí maoinithe de Scéim Infheistíochta na bhFéilte roimhe seo glacadh leis go soláthrófar maoiniú.
Tá trí bhanda maoinithe ar fáil:
Banda C: Idir €25,001 agus €45,000
An banda ceart a roghnú do Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS)
Tá trí bhanda i Scéim Infheistíochta na bhFéilte agus ceapadh gach ceann acu le tacú le féilte ag céimeanna éagsúla dá bhforbairt. Ní féidir le heagraíocht ach iarratas amháin sa bhliain a dhéanamh faoi Scéim Infheistíochta na bhFéilte (i.e. iarratas amháin i mbanda amháin gach bliain féilire). Ba chóir duit an ceann is oiriúnaí a roghnú do d’eagraíocht féile féin. Déan tagairt do threoirlínte an iarratais le haghaidh sonraí bhreise.
Tábhachtach
Ní mór d’iarrthóirí féilte ar mhaith leo cur isteach ar Bhanda C
a bheith ar an bhfód ar feadh cúig bliana ar a laghad agus cúig chlár féile
ar a laghad as a chéile a bheith curtha i gcrích acu.
Ní mór d’iarrthóirí féilte ar mhaith leo cur isteach ar Bhanda B
a bheith ar an bhfód ar feadh dhá bhliain ar a laghad agus dhá chlár féile ar
a laghad as a chéile a bheith curtha i gcrích acu.
Ní ghlactar le foirmeacha iarratais ná le hábhair iarratais ach amháin ar líne trí leas a bhaint as Córas ar Líne na Comhairle Ealaíon (OLS).
Ní ghlacfar le hiarratais chuirfear isteach trí an bpost, trí ríomhphost nó ar facs.
Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú