Spriocdháta | 17:00, Dé Luain 19 Samhain 2018 |
---|
Suim a dámhadh | €10,000 |
---|
Foirm ealaíne | Na healaíona rannpháirteachais |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Áisínteacht sheachtrach | Create |
---|
Teileafón | 01 473 6600 |
---|
ríomhphoist | support@create-ireland.ie |
---|
Suíomh gréasáin | http://www.create-ireland.ie |
---|
Dámhachtain Sparánachta na Comhairle Ealaíon faoi Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal 2018: Tá sé mar aidhm ag Na hEalaíona Comhoibríocha i gComhthéacsanna Sláinte tacú le healaíontóirí gairmiúla aonair in aon fhoirm ealaíne atá ag saothrú go comhoibritheach i réimse na nEalaíon agus Sláinte.
Is é aidhm na Dámhachtana Sparánachta tacú le cleachtas ealaíon gairmiúil agus é a chothú agus tá sé dírithe go sonrach ar ealaíontóir ag a bhfuil cuntas teiste de bheith ag obair ar bhonn comhoibríoch le pobail áite nó pobail chomhspéise. Tugann an Dámhachtain Sparánachta €10,000 am agus acmhainní don ealaíontóir roghnaithe taighde a dhéanamh agus machnamh a dhéanamh ar chleachtas. Níos sonraí fós, tugann an Sparánacht deis don ealaíontóir machnamh a dhéanamh ar phríomhcheisteanna a bhaineann leis na healaíona agus cleachtas sláinte trí úsáid a bhaint as modhanna comhoibríocha.
Táthar ag súil go gcomhroinnfidh an t-iarratasóir rathúil an fhoghlaim a tharlóidh de bharr na Sparánachta leis an bpobal ealaíon agus sláinte agus leis an earnáil ealaíon comhoibríoch i gcoitinne. Oibreoidh Create i gcomhpháirtíocht le Waterford Healing Arts Trust chun seisiúin eolais a thabhairt agus ar an bpróiseas roghnúcháin.
Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig info@create-ireland.ie
Spriocdháta le haghaidh iarratas: 19 Samhain ag 5in.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú