Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 07 Meán Fómhair 2017 |
---|
Suim a dámhadh | €20,000 |
---|
Foirm ealaíne | Ealaín Áitiúil Áite agus Poiblí, Ionaid tionóil, Na físealaíona |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Jenny Walton |
---|
Teileafón | 01 6180236 |
---|
ríomhphoist | jenny.walton@artscouncil.ie |
---|
Post | Visual Arts and Architecture Officer |
---|
Cuspóir an chiste seo
Is é is cuspóir leis an Scéim Chónaitheachta do Choimeádaí Físealaíon deis a thabhairt do choimeádaithe físealaíon taighde a dhéanamh agus a gcleachtas a fhorbairt, fad is a dhéanfaidh siad clár oibre bliana a chruthú i gcomhpháirt le heagraíocht ealaíon nó eagraíocht nach mbaineann leis na healaíona, macasamhail cuideachta, ionaid, féile, údarás áitiúil nó eile. Ceapfaidh an coimeádaí, i gcomhar leis an eagraíocht chomhpháirtíochta, ábhar sonrach an chláir oibre.
Is é is cuspóir leis an Scéim Chónaitheachta do Choimeádaí Físealaíon:
- deiseanna a chur ar fáil do choimeádaithe ar fud na tíre chun taighde agus forbairt a dhéanamh ar chlár oibre a bhainfidh lena gcleachtas féin a chur chun cinn
- deiseanna a chur ar fáil d’eagraíochtaí ealaíon agus d’eagraíochtaí nach mbaineann leis na healaíona sochar a bhaint as cleachtas coimeádaíochta
- cur chuige meáite agus bealaí nuálacha a spreagadh chun lucht féachana nua a mhealladh le físealaíona comhaimseartha ardchaighdeáin ar leibhéal áitiúil/réigiúnach/náisiúnta
- forbairt agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí físealaíon ardchaighdeáin a spreagadh laistigh de chomhthéacsanna difriúla
- cur chuige comhordaithe a spreagadh idir coimeádaithe agus eagraíochtaí.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú