Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 14 Meán Fómhair 2023 |
---|
Suim a dámhadh | €90,000 |
---|
Foirm ealaíne | Ealaín Áitiúil Áite agus Poiblí |
---|
Cineál lucht éisteachta | Údarás áitiúil |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Eimear Kelleher |
---|
Teileafón | 01 6180200 |
---|
ríomhphoist | eimear.kelleher@artscouncil.ie |
---|
D’aithin an Chomhairle Ealaíon na rudaí seo a leanas mar thosaíochtaí straitéiseacha le haghaidh tacaíochta tríd an dámhachtain seo:
Tionscadail a dhíríonn ar na réimsí seo a leanas:
Rannpháirtíocht an phobail – e.g. na healaíona agus an tsláinte, pobail spéise nó áite, na healaíona agus míchumas, éagsúlacht chultúrtha, daoine breacaosta, ealaíona na n-óg, na healaíona agus oideachas, pobail a bhfuil sé deacair teacht orthu Cláir ina ndírítear ar ealaíontóirí – e.g. na healaíona agus míchumas, coimisiúnú idirnáisiúnta, tacaíochtaí d’ealaíontóirí go háitiúil agus go náisiúnta, cláir chónaitheachta ealaíon
Forbairt beartais – e.g. forbairt lucht féachana/éisteachta, tionchar eacnamaíoch, tionchar ar cháilíocht saoil, forbairt seirbhísí ealaíon na n-údarás áitiúil, samhlacha dea-chleachtais le haghaidh oifigí agus ionad ealaíon, samhlacha réigiúnacha de chineálacha cur chuige maidir le comhoibriú, agus samhlacha nua infheistíochta chun tacú leis na healaíona.
Céim Taighde agus Forbartha: suas le huasmhéid €30,000
Céim Forfheidhmithe Tionscadail: suas le €90,000 ar a mhéad
Céim Athnuachana Tionscadail: suas le €35,000 ar a mhéad
Tionscadail lena bhfuil baint ag dhá sheirbhís ealaíon de chuid na n-údarás áitiúil nó níos mó.
Tionscadail ina ndírítear ar shamhlacha cleachtais agus/nó taighde gníomhaíochta a fhorbairt atá in ann forbairt beartais a threorú agus a mhúnlú go háitiúil, go réigiúnach agus go náisiúnta amach anseo.
Méid na hinfheistíochta airgid agus/nó comhchineáil ón gcomhpháirtí tacaíochta/ó na comhpháirtithe tacaíochta. Ní mór dó sin a bheith fiche is a cúig faoin gcéad ar a laghad de luach an deontais atá iarrtha.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú