Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 14 Aibreán 2022 |
---|
Suim a dámhadh | €25,000 |
---|
Foirm ealaíne | Ailtireacht, Amharclannaíocht, Ceol, Ceoldráma, Daoine óga páistí agus na healaíona, Litríocht, Na físealaíona, Na healaíona agus míchumas, Na healaíona rannpháirteachais, Na healaíona traidisiúnta, Rince, Scannán, Sorcas, Sráidealaín |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teileafón | 01 6180 200/01 6180243 |
---|
ríomhphoist | awards@artscouncil.ie |
---|
Is é cuspóir na Dámhachtana d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile tacaíocht a thabhairt do scata ealaíontóirí tréitheacha san uile dhisciplín ag pointe luath ach ríthábhachtach ina ngairm. Tá sé i gceist leis an dámhachtain aon-uaire den scoth seo
go dtacófar le healaíontóirí atá ag teacht chun cinn le go mbeidh siad ábalta:
Am a cheannach ar mhaithe lena saothar agus a gcleachtas a fhorbairt
Tacú le riachtanais forbartha ar leith d’fhonn a gcleachtas féin a chur chun tosaigh (b’fhéidir go ndéanfaí é sin trí chaidreamh a dhéanamh le meantóir, taighde, staidéar neamhfhoirmeálta agus/nó oiliúint nach gairmoiliúint í, comhpháirtíochtaí
comhoibríocha, etc.). Caithfidh na hiarratasóirí mionsonraí a thabhairt faoin riachtanas forbartha a chuirfeadh a g(h)airm chun tosaigh an méid is mó ag an bpointe seo.
Gheobhaidh na daoine ar a mbronnfar Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile €25,000. Lena chois sin, glacfaidh na faighteoirí páirt i gcónaitheacht chomhchoiteann seachtaine in earrach na bliana 2023. Cuirfear fáilte roimh iarratais chomhpháirteacha
agus roimh iarratais idirdhisciplíneacha.
Cuireann straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon (2016–2025), Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Forbairt na nEalaíon in Éirinn a Threorú atá bonn eolais na ndámhachtainí uile (féach anseo: www.artscouncil.ie/ga/straiteis-na-comhairle-ealaion).
Tosaíochtaí na dámhachtana – foirmeacha ealaíne agus cleachtais ealaíon ar leith
Sa mhullach ar chuspóirí ginearálta na dámhachtana (mar a leagtar amach i gcuid 1.1), tabharfar tús áite san uile fhoirm ealaíne agus chleachtas d’ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn a bhfuil bua, muinín agus cumas cruthaithe acu agus:
A léiríonn uaillmhian agus fís ina saothar
A léiríonn acmhainneacht chun sainchleachtas cruthaitheach muiníneach a fhorbairt agus a neartú
A léiríonn go mbainfidh siad tairbhe ealaíonta as tacaíocht thráthúil dá bhforbairt ealaíne
A léiríonn, ar bhealach iontach, an dóigh a n-athróidh an dámhachtain agus an infheistíocht airgeadais ag an bpointe ama seo chun feabhais iad ar mhaithe leis an gcéad chéim eile dá bhforbairt ealaíne a bhaint amach.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú