Spriocdháta | Déardaoin 31 Lúnasa 2023 |
---|
Suim a dámhadh | €240,000 |
---|
Foirm ealaíne | Ailtireacht, Amharclannaíocht, Ceol, Ceoldráma, Daoine óga páistí agus na healaíona, Féilte, Litríocht, Na físealaíona, Na healaíona rannpháirteachais, Na healaíona traidisiúnta, Rince, Scannán, Sorcas, Spectacle, Sráidealaín |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Muireann Walsh |
---|
Teileafón | 01 618 02 00 |
---|
ríomhphoist | muireann.walsh@artcouncil.ie |
---|
Tá an
tionscnamh seo bunaithe ar na príomhspriocanna atá le fáil i straitéis na
Comhairle Ealaíon Saothar
Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, agus le beartais
reatha na Comhairle Ealaíon do na taibhealaíona, ina bhféachtar le tacaíocht a
thabhairt d’ealaíontóirí ag gach céim dá ngairmréim chun saothar den scoth a
chruthú lena mealltar an pobal go forleathan agus go grinn. I bhfianaise an
méid sin, agus tar éis próisis comhairliúcháin, tá tograí á lorg ag An
Chomhairle Ealaíon ina gcomhoibrítear leis an mbonneagar reatha chun
tacaíochtaí léiriúcháin breise faoi threoir na n-ealaíon a chur ar fáil don
earnáil taibhealaíon neamhspleách, go háirithe iad siúd a fhaigheann Dámhachtainí
Tionscadail agus Maoiniú Deontais do na hEalaíona de chuid na Comhairle
Ealaíon.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú