Spriocdháta | 17:00, Dé hAoine 14 Deireadh Fómhair 2022 |
---|
Suim a dámhadh | €135,000 |
---|
Foirm ealaíne | Scannán |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Áisínteacht sheachtrach | TG4 |
---|
Suíomh gréasáin | https://ecomm.tg4.ie/ |
---|
ilDÁNA 2022/2023
Tá
ríméad ar TG4 agus ar an gComhairle Ealaíon séasúr nua ilDÁNA 2022/2023 a
fhógairt.
Is
scéim í ilDÁNA a ceapadh chun cur le sceideal TG4 trí thacú le déanamh
fadscannán uaillmhianach faisnéise Gaeilge ar na healaíona.
I mbliana, ba mhaith linn suas le dhá fhad scannán
shuntasacha faisnéise a mhaoiniú, le buiséad suas le €135,000 an ceann. Is é an
rún atá againn ná go dtabharfaidh ceann de na scannáin faisnéise glór faoi
leith don ionchuimsitheacht agus don ilchineálacht sna healaíona agus go mbeidh
daoine nua agus daoine nach gcloistear go minic uathu páirteach go gníomhach
ann.
Fad a fháilteofar roimh iarratais a bhaineann
le réimse ealaíne nó cleachtas ealaíne ar bith, ba mhaith linn fáilte ar leith
a chur roimh iarratais trína bhfiosrófar foirmeacha ealaíne amhail ailtireacht,
amharclannaíocht, ealaín sráide agus foirmeacha eile ealaíne nach minic a
gcuirtear faoi chaibidil iad i gcláracha faisnéise ealaíon i nGaeilge.
Ní mór
iarratais a dhéanamh chuig TG4 ar an gcóras iarratais ar líne tráth nach déanaí
ná 17:00, Dé hAoine an 14 Deireadh Fómhair 2022.
Treoirlínte ilDÁNA 2022/2023:
Déanfar cur síos
beacht cruthaitheach ar an ábhar ealaíon atá i gceist sna scannáin arna
gcoimisiúnú do ilDÁNA.
Déanfar tograí
maidir le disciplín ealaíne nó réimse cleachtais ar bith a bhreithniú.
Tabharfar tosaíocht
d'ábhair chomhaimseartha ach d'fhéadfadh go mbreithneofaí freisin léiriú
comhaimseartha ar shaothair/ábhair stairiúla.
Déanfar suas le dhá
scannán a mhaoiniú agus cuirfear buiséad suas le €135,000 an ceann ar fáil.
Seolfar iad le taispeáintí ar leith sa phictiúrlann agus beidh tréimhse sa
phictiúrlann i gceist sula gcraolfar iad le linn príomh-ama do lucht féachana
TG4 in 2023/2024.
Is é an rún atá
againn ná go dtabharfaidh ceann de na scannáin faisnéise glór faoi leith don
ionchuimsitheacht agus don ilchineálacht sna healaíona agus go mbeidh daoine
nua agus daoine nach gcloistear go minic uathu páirteach go gníomhach ann.
TG4 a dhéanfaidh
próiseas coimisiúnaithe scannáin ilDÁNA a riar.
Eiseoidh TG4 an comhaontú coimisiúnaithe caighdeánach.
Ionadaithe ó TG4, ón
gComhairle Ealaíon agus measúnóir neamhspleách a dhéanfaidh an roghnú faoi
scéim ilDÁNA.
Is
gá do scannán ilDÁNA 2022/ 2023 dul go conradh roimh chríoch na bliana 2022
Iarratais
Ní mór iarratais a dhéanamh ar chóras eCoimisiúnaithe TG4 tráth nach déanaí ná 17:00
Dé hAoine, an 14 Deireadh Fómhair 2022.
Ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána ná déanacha.
- Fad an scannáin: Scannán fada
- Buiséad Léiriúcháin: Suas le €135,000 an scannán.
- Formáid HD agus fotheidil Bhéarla air
- Teanga: Gaeilge nó dátheangach
- Ní mór d’iarratasóirí a bheith in ann conarthaí a shíniú roimh
dheireadh 2022 má éiríonn leo faoin scéim.
Ní mór na nithe seo a leanas a
bheith san áireamh in iarratais ar ilDÁNA:
- Foirm
choimisiúnaithe chomhlánaithe ilDÁNA.
- Léiriú
mionsonraithe ar an togra.
- Cur síos ar an
gcur chuige cruthaitheach atá beartaithe.
- Straitéis
taispeántais ina n-aithnítear lucht féachana náisiúnta teilifíse an
scannáin móide aon phlean a bheadh ann do thaispeántas amharclainne (féile
scannán/pictiúrlann) más infheidhme.
- Buiséad
léiriúcháin mionsonraithe agus achoimre buiséid (cead ceoil agus ábhair,
ábhar insoláthartha agus margaíochta san áireamh) - tá fáil ar theimpléid
ar láithreán gréasáin TG4.
- CVanna na
foirne cruthaithí a bheidh páirteach sa togra, an stiúrthóir, léiritheoir,
scríbhneoir agus eagarthóir san áireamh.
- Fianaise ar
úinéireacht, cóipeanna de gach réamhchonradh agus comhaontú scríbhneoirí
san áireamh, maidir leis an scéal agus an script, más infheidhme.
- Deimhniú i
scríbhinn i bhfoirm imréitigh agus ceada, más infheidhme, go bhfuil an
príomhphearsa is údar don scannán toilteanach a bheith páirteach.
- Trí
shliocht/shampla d'obair an stiúrthóra (ní spól taispeána) chun bonn
eolais a chur faoin togra.
- Aon ábhar
tacaíochta ábhartha eile chun bonn eolais a chur faoi chur chuige
cruthaitheach an togra.
Déanann TG4 agus An Chomhairle
Ealaíon:
- fostaíocht
lucht déanta scannán a bhíonn ag obair trí Ghaeilge a spreagadh.
- Comhionannas
inscne ó thaobh rannpháirtíochta agus an phearsanra léiriúcháin araon a
chur chun cinn.
- Coinníollacha
agus luach saothair cóir a éileamh d'ealaíontóirí a bhfuil baint acu le
déanamh scannáin ilDÁNA.
Roghnú
Roghnófar scannáin ilDÁNA bunaithe ar:
fhís chruthaitheach
an iarratasóra agus a chur chuige/a cur chuige cruthaitheach i leith an ábhair
bheartaithe
indéantacht an togra
i gcomhthéacs chuspóirí ilDÁNA.
a bhfuil déanta go
dtí seo ag an iarratasóir.
a mhéid a chuireann
an togra comhionannas inscne chun cinn ó thaobh rannpháirtíochta agus an
phearsanra léiriúcháin.
a mhéid a dtugann
ceann den dá thogra atá le roghnú glór faoi leith don ionchuimsitheacht agus
don ilchineálacht sna healaíona agus a mhéid a bhfuil páirt ghníomhach ag
daoine nua agus daoine nach gcloistear go minic uathu ann.
D'fhéadfadh maoiniú
breise (suas le €10K in aghaidh gach tionscadal a n-éireoidh leis) a
bheith ar fáil chun tacú le scannáin a thaispeáint sa phictiúrlann sa chás go
moltar straitéis láidir taispeántais ar chur i gcrích na scannán.
Tabharfar
cuireadh d'iarratasóirí a bhainfidh an gearrliosta amach a dtogra a phlé i mí Dheireadh Fómhair nó i mí Samhna 2022.
TG4 a
dhéanfaidh an dámhachtain. Beidh feidhm
le comhaontú coimisiúnaithe caighdeánach TG4. Táthar ag súil go mbeidh na
tionscadail tugtha chun críche agus ar fáil lena gcraoladh ar TG4 in 2023/2024.
Caithfear
na hiarratais a chur isteach go leictreonach. Mura bhfuil an comhlacht
cláraithe, caithfear clárú ar dtús ar an suíomh eCoimisiúin
https://ecomm.tg4.ie , agus an t-iarratas a uaslódáil roimh an sprioc-am tríd
an rogha, ‘ilDÁNA 2022 / 2023’, ón roghchlár anuas. Tiocfaidh
admháil chugat go leictreonach go huathoibríoch. Ní ghlacfar le hiarratais tar
éis an sprioc-ama agus caithfidh na comhlachtaí iad féin déanamh cinnte gur
seachadadh na hiarratais.
Tuilleadh
eolais
Ní mór
d'iarratasóirí gach oibleagáid reachtúil iomchuí a chomhlíonadh.
Beidh
gach conradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim a
chur ar fáil.
Ní mór
d'iarratasóirí a thuiscint go bhféadfaí an fhaisnéis a chuirtear ar fáil a
nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Ní ann
do chomhaontú nó go mbeidh conradh foirmiúil sínithe thar ceann TG4. Is leis an
léiritheoir a bheidh cóipcheart ar an scannán.
Is féidir clárú don seisiún eolais
seo le: claruildana@tg4.ie