Túseagraíocht | Killruddery Arts |
---|
Dataí | 15 - 16 Meitheamh 2013 |
---|
Contae | Cill Mhantáin |
---|
Comhpháirthithe | Killruddery House and Gardens; Monkeyshine Theatre; Palillio Theatre (An Ghearmáin); Ed Reynolds; Ger agus Andrew Clancy |
San imeacht The Enchanted Garden, tugtar deiseanna do theaghlaigh a bheith rannpháirteach sna healaíona ar bhealach uathúil, cruthaitheach, siamsúil, spraíúil agus idirghníomhach i suíomh álainn ag Killruddery Gardens. I mbliana, beidh Monkeyshine Theatre ó Éirinn agus Theater Papillo ón nGearmáin ag comhoibriú lena chéile arís.
Ar feadh na cónaitheachta seachtaine, beidh gairdín agus tailte foraoise Killruddery House ina thimpeallacht álainn shaibhir chun teacht ar inspioráid agus ar ábhair chun baile a chruthú i bpuball draíochta sa choill. Cruthóidh na healaíontóirí puipéid, frapaí agus seit ó ábhair nádúrtha, agus cruthóidh siad creatlach d’eispéireas amharclannaíochta. Tugtar cuireadh do leanaí i rith na féile páirt a ghlacadh sa phróiseas cruthaitheach: glacfaidh siad páirt i sluaíochtaí foráiste agus tabharfaidh siad a n aimseoidh siad ar ais chuig an bpuball. Cruthóidh siad carachtair, amhráin agus scéalta leis na healaíontóirí ansin. Úsáidfear an saothar a chruthófar i rith na cónaitheachta mar bhonn chun seó a chruthú, agus cuirfear ar an stáitse é in Éirinn agus sa Ghearmáin araon.
Tuilleadh eolais
www.killruddery.com