Dataí | Aibreán 2013 |
---|
Contae | Baile átha Cliath and Gaillimh |
---|
Túsduine | Dave Flynn |
---|
Comhpháirthithe | Juhan agus Janne Suits |
Is tionscadal é From Viljandi to Kinvara ina dtugtar le chéile na ceoltóirí Éireannacha Mick O’Brien agus Dave Flynn le ceoltóirí ón Eastóin, Juhan agus Janne Suits, i gcomhair sraith imeachtaí in Éirinn in Aibreán 2013. Cuirfidh siad ceolchoirmeacha agus ceardlanna i láthair ina ndéanfar scrúdú ar na naisc cheoil idir ceol traidisiúnta na hÉireann agus na hEastóine.
Chun éascú a dhéanamh ar chomhoibriú dlúth, taistealóidh O’Brien agus Flynn chuig an Eastóin chun féachaint ar chastacht cheol tíre na hEastóine, stór ceoil comhchoiteann a fhorbairt lena gcomhghleacaithe ón Eastóin agus inspioráid a fháil do shaothar comhoibritheach ceoil nua, 10 nóiméad ar fhad, a bheidh mar chroílár na n-imeachtaí in Aibreán. I measc na n-uirlisí don saothar beidh píoba na hEastóine, lir bhoghach na hEastóine, an píb uilleann agus giotár.
Tuilleadh eolais
www.daveflynn.com