
Trína straitéis, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do dhálaí maireachtála agus oibre ealaíontóirí a fheabhsú.
Agus an beartas seo á fhoilsiú – Luach Saothair don Ealaíontóir – tógaimid ar an tiomantas sin trí fhís agus plean a leagan amach chun athrú a chruthú thar an tréimhse 2020 – 2022.
Déanaimid iarracht timpeallacht a chruthú inar féidir le healaíontóirí saothar barr feabhais a dhéanamh ina léirítear uaillmhian agus ina bhfaighidh siad luach saothair cuí.
Cuirtear in iúl sa bheartas seo ár dtiomantas agus ár seasamh i dtéarmaí croíluachanna. Cuirtear sraith prionsabal don chleachtas is fearr ar fáil ann ar cheart dóibh siúd ar fad a oibríonn sna healaíona a bheith ag dréim leo. Maítear ann ár n-ionchais dóibh siúd a mhaoinímid, a n-oibrímid leo agus dúinn féin. Deirtear ann céard a dhéanaimid trí shraith gníomhartha a leagan amach a dtabharfaimid fúthu i réimsí na taighde, na ngníomhaíochtaí forbartha, riachtanais a bhaineann le maoiniú agus abhcóideacht.
Plean Forfheidhmithe - Athbhreithnithe agus Nuashonraithe 2021
Seoladh an Polasaí ‘Luach Saothair don Ealaíontóir’ i mí Feabhra 2020. Sa pholasaí a foilsíodh bhí Plean Forfheidhmithe a leag gníomhartha agus bunspriocanna inghnóthaithe amach thar na 3 bliana 2020 – 2022. Mar sin féin, cuireadh moill ar dhul chun cinn an phlean in 2020.
Rinneadh athbhreithniú agus nuashonrú ar an bPlean in 2021
Íoslódáil an Plean Forfheidhmithe athbhreithnithe nuashonraithe anseo
Cáipéisíocht Eile