Comhlánaigh an foirm fiosrúcháin agus breac síos an oiread sonraí agus is féidir le cabhrú linn d’iarratas a fhreagairt go héifeachtach. Iarrfar ar an mball foirne sin is fearr a fhéadfaidh cabhrú leat déileáil le d’fhiosrúchán. D’fhéadfadh sé tarlú go bhfuil an fhaisnéis atá uait le fáil ar ár láithreán gréasáin, déan é a sheiceáil, le do thoil, sula sheolann tú fiosrúchán chugainn.
D'ainm:
Seoladh Ríomhphoist:
Teileafón:
Facs:
Seoladh poist:
Eagraíocht:
Tá m’fhiosrúchán faoi [catagóir fiosrúchán]:
Céard ba mhaith liom a fháil amach:
Chuaigh mé i gcomhairle le (duine nó institiúid) nó scrúdaigh mé (leabhar) agús mar sin de, cheana féin:
An fáth a bhfuil an fiosrúchán á dhéanamh agam (chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú nó alt a scríobh i nuachtán, mar shampla):
An spriocdháta atá agam:
Fiosrúcháin a Fhreagairt:
Gheobhadh tú admháil i scríbhinn laistigh de 3 lá ón uair a sheolann tú d’fhiosrúchán chugainn. Déanfar d’fhiosrúchán a logáil agus cuirfear i líne é lena fhreagairt. Pléitear le gach fiosrúchán i ndiaidh a chéile.
Bíodh is go ndéanaimid ár ndícheall ceisteanna a fhreagairt chomh tapa agus is féidir déan d'iarratas, le do thoil, deich lá ar a laghad roimh cibé spriocdháta atá agat. Cuimhnigh, le do thoil, nach féidir linn ’freagra a thabhairt láithreach, go mór mór ar cheisteanna casta.
Má tá ceist chasta agat a d’fhéadfadh mórchuid ama a thógáil, b’fhéidir go dtógfaidh sé breis agus 10 lá oibre, ach cuirfear ar an eolas thú faoin méid ama.
D’fhéadfadh siad seo a bheith i gceist sa bhfreagra a gheobhaidh tú:
- rochtain ar acmhainní ábhartha na Comhairle Ealaíon má tá siad ar fáil;
- faisnéis faoi fhoinsí agus acmhainní eile a d’fhéadfadh a bheith tairbheach;
- meastachán faoin méid ama a thógfadh sé freagra a thabhairt.
Inseoimid duit mura bhfuil an fhaisnéis ar fáil agus míneoimid duit na fáthanna atá leis. I gcás nach bhfuil faisnéis le fáil ón gComhairle Ealaíon, soláthróimid sonraí teagmhála eagraíochtaí eile nó foinsí eolais a d'fhéadfadh a bheith ina gcabhair.