Is ról nua don
Chomhairle Ealaíon é an Ceannasaí Oibríochtaí Ábhair agus tá sé aitheanta mar
chuid dár gclár leanúnach trasfhoirmiú gnó chun ár gcuid próisis mhaoinithe a
dhéanamh níos éifeachtaí agus níos simplí.
Tá an Chomhairle
Ealaíon ag déanamh athfhorbairt ar a suíomh gréasáin d’iarratais ar líne agus
tá sé mar aidhm acu é a lainseáil mí Deireadh Fómhair 2022. Tógadh an suíomh
gréasáin nua ag úsáid MS Dynamics. Tá uirlisí bainistíochta ábhair forbartha
chun ligean d’fhoireann na Comhairle Ealaíon eolas ar mhaoiniú d’iarrthóirí a
bhainistiú agus chun foirmeacha iarratais agus foirmeacha tuairiscithe a
dhéanamh. Is athrú suntasach é seo ar an mbealach a gcuireann an Chomhairle
Ealaíon an tseirbhís seo ar fáil d’úsáideoirí agus do na fostaithe a
bhainistíonn an próiseas araon. Ag baint úsáid as prionsabail dearadh ábhair,
stiúrfaidh an Ceannasaí Ábhair an eagraíocht trí ábhar a fhorbairt d’úsáideoirí
agus úsáid á baint as na huirlisí nua.
Is é an dáta deiridh a
ghlacfar le hiarratais ná 12.00 meán lae, Dé
Luain, 23 Bealtaine 2022
Tá eolas breise le
fáil sa dá dhoiciméad thíos
Próifíl an Róil
Ardoifigeach Feidhmiúcháin Leabhrán
Faisnéise d’Iarrthóirí
Tá an Chomhairle
Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach
cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um
Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a
fháil, gabh chuig: http://www.artscouncil.ie/ga/Maidir/Comhionannas,-Cearta-an-Duine-agus-eagsulacht/