Tá
bunachar fianaise substaintiúil cruthaithe ag an gComhairle Ealaíon ina
ndéantar comhcheangal ar an aschur ar ár infheistíocht in éineacht le
buntaighde ar na healaíona in Éirinn. I do ról mar Cheannasaí Léargais, beidh
ort léargais a shainaithint in éineacht le comhghleacaithe chun tacú le
forbairt agus le seachadadh ár spriocanna straitéiseacha.
Beidh
maoirseacht shonrach agat freisin do sprioc rannpháirtíochta an phobail chun go
mbainfidh níos mó daoine sult as eispéiris ealaíon ardchaighdeáin. I measc na
gcuspóirí tá cur chun cinn agus
forbairt dea-chleachtas i bhforbairt lucht féachana agus rannpháirtíocht an
phobail, ag cruthú deiseanna do rannpháirtíocht mhéadaithe sna healaíona ag
pobail ar leith, pleanáil agus soláthar do leanaí agus daoine óga, ag cur chun
cinn agus ag spreagadh cleachtas amaitéarach agus deonach.
Is é an dáta deiridh a
ghlacfar le hiarratais ná 12.00 meán lae, Dé
Luain, 23 Bealtaine 2022
Tá eolas breise le
fáil sa dá dhoiciméad thíos
Próifíl an Róil
Ardoifigeach Feidhmiúcháin Leabhrán
Faisnéise d’Iarrthóirí
Tá an Chomhairle
Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach
cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um
Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a
fháil, gabh chuig: http://www.artscouncil.ie/ga/Maidir/Comhionannas,-Cearta-an-Duine-agus-eagsulacht/