Rugadh Melatu-Uche Okorie in Enugu na Nigéire, agus tá cónaí uirthi in Éirinn le trí bliana déag anuas. Bhain sí MPhil sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus tá sí ag staidéar faoi láthair chun PhD, atá bunaithe ar an scríbhneoireacht a úsáid mar bhealach leis an gcruthaitheacht a chothú i ndaltaí óga, a bhaint amach ón gcoláiste Oideachais, Coláiste na Tríonóide. Foilsíodh a cuid saothar in Dublin: Ten Journeys One Destination, Alms on the Highway (Scríbhneoireacht Nua ó Ionad Oscar Wilde), LIT Journal agus College Green Magazine. Foilsíodh a céad bhailiúchán, This Hostel Life, i mBealtaine 2018.