Ó luath sna 70idí, tá Paddy Glackin ar dhuine de na ceoltóirí is mó tionchar i réimse cheol tíre na hÉireann. Rugadh Paddy i mBaile Átha Cliath agus rinne sé staidéar ar an gceol clasaiceach sa Choláiste Ceoil. I rith an ama sin, d’éirigh sé an-cheanúil ar cheol fidle Dhún na nGall mar gheall ar thionchar a athar, Tom, agus an fhidléara iomráitigh as Dún na nGall John Doherty.
Is iomaí taifead atá déanta aige mar aonréadaí agus mar chomhoibrí le ceoltóirí eile, Dónal Lunny, Micheál Ó Súilleabháin, Jolyon Jackson agus Micheál Ó Domhnaill ina measc. D’oibrigh sé freisin le ceoltóirí comhaimseartha cosúil le Van Morrison agus an cumadóir John Cage. Bhí sé ar dhuine den dream a bhunaigh an Bothy Band agus sheinn sé le Ceoltóirí Laighean, agus le gairid anuas le LAPD. Tá sé ina bhall de ensemble nua i láthair na huaire, Ushers Island, agus bíonn sé ag seinm i gceathairéad le Liam O’ Flynn, Micheál Ó Súilleabháin agus Niall Martin.
Chaith sé deich mbliana fichead ag craoltóireacht thar raon disciplíní, idir a bheith ina láithreoir ar The Long Note ar an raidió go dtí The Pure Drop ar an teilifís. Bhí poist shinsearacha aige in RTÉ, ina measc Ceannasaí Spóirt Raidió, Eagarthóir; Gnéchláir agus Cláir Faisnéise, agus Léiritheoir Feidhmiúcháin ar Chlársceidealú an Deiridh Seachtaine.