
Exit 15, a partnership between Dún Laoghaire Rathdown County Council and Voluntary Arts Ireland, funded by the Arts Council‘s Invitation to Collaboration Scheme. Photo by Rachel Burke
from 'Splash Dance' produced by CoisCéim Broadreach.
In 2019, d’fhoilsíomar ár mBeartas agus ár Straitéis um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht [CCDÉ], a ceapadh le tógáil ar raon réimsí oibre reatha de chuid na Comhairle Ealaíon, lena n-áirítear beartas Ealaíon agus Míchumais, beartas um Éagsúlacht Chultúrtha agus na hEalaíona, agus beartas um Dhínit ag an Obair.
Mar an ghníomhaireacht a bhfuil sé de chúram orainn na healaíona a fhorbairt in Éirinn, tá sé ríthábhachtach go mbeadh cur chuige réamhghníomhach agus dírithe ag an gComhairle Ealaíon chun ceart bunúsach seo an duine a dheimhniú: a chinntiú go mbeidh deis ag gach duine a chónaíonn in Éirinn páirt a ghlacadh sna healaíona.
Agus an beartas Comhionannais, Cearta an Duine agus Éagsúlachta seo á fhoilsiú, táimid ag gealladh go dtabharfaimid faoi ghníomhartha sna blianta romhainn chun ár dtuiscint ar an neamhionannas sna healaíona a neartú agus chun bealaí substainteacha a fhorbairt le dul i ngleic leo.
Aithnímid go gcaithfidh ár mbeartas a bheith fite fuaite inár gcleachtas agus struchtúr institiúideach féin ón tús agus déanfaimid gach uile iarracht le cinntiú go léirítear éagsúlacht Éire na linne seo inár mbord, foireann, comhairleoirí agus painéalaithe.
Tá an éagsúlacht ina croí-luach i straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon go dtí 2025, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, atá bunaithe ar mheas ar éagsúlacht i gcleachtas ealaíne, i rannpháirtíocht an phobail, agus i dtraidisiúin shóisialta agus chultúrtha. Dearbhaíonn an croí-luach sin tiomantas na heagraíochta do luach na héagsúlachta agus an meas atá aici ar an éagsúlacht.
Is féidir an beartas ina iomláine a léamh anseo Beartas agus Straitéis um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht na Comhairle Ealaíon
Tá leagan comhdhlúite den bheartas ar fáil sna teangacha seo a leanas:
Leaganacha eile:
Taighde agus acmhainní
Tugtar achoimre inár leathanach taighde agus acmhainní ar phríomhthionscnaimh agus príomhthuarascálacha a stiúradh i réimse an chomhionannais, na héagsúlachta agus an chuimsithe, ar féidir leat rochtain a fháil orthu anseo.
Foilsímid faisnéis staitistiúil gach aon bhliain maidir le daoine aonair ag a dhéanann iarratas agus ag fáil maoiniú ón gComhairle Ealaíon, agus déantar an fhaisnéis sin a mhiondealú de réir inscne, míchumais agus eitneachta / cúlra chultúrtha. Léigh a thuilleadh faoin gcéad tuarascáil bhliantúil, Éagsúlacht agus Dámhachtainí na Comhairle Ealaíon 2020, anseo: Éagsúlacht agus dámhachtainí 2020.
Déan Teagmháil Linn
I gcás fiosrúcháin i dtaca leis an mBeartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht, déan teagmháil le: