Is í an
Chomhairle Ealaíon gníomhaireacht Rialtas na hÉireann le haghaidh na healaíona
a fhorbairt. Oibrímid i gcomhpháirtíocht le healaíontóirí agus le hoibrithe
ealaíon, le heagraíochtaí ealaíon, le lucht déanta beartas poiblí agus le
comhpháirtithe eile chun áit lárnach a chruthú do na healaíona i saol na
hÉireann. Tá seachtó duine ar ár
bhfoireann bhuan oibre againn faoi láthair agus tá pleananna uaillmhianacha
againn chun cur lenár mbonn foirne buaine thar thréimhse na 6-12 mhí atá le
teacht.
Tá deis bhuan, lánaimseartha den scoth againn faoi láthair le haghaidh Oifigeach Cosanta (Oifigeach Feidhmiúcháin).
Is post spreagúil sealadach é seo do dhuine éigin a bhfuil scileanna
iontacha Bainistíochta Tionscadail acu chun Plean Tionscadail Cosanta a chur i
bhfeidhm don Chomhairle Ealaíon. Beidh go leor idirghabhálacha le baill foirne
na Comhairle Ealaíon agus le heagraíochtaí ealaíon ag baint leis an bpost agus
beidh ardleibhéal discréide ag teastáil.
Cuimseofar leis na bunspriocanna inghnóthaithe; Plean Tionscadail
Cosanta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, Creat i gcomhair Dearbhú Cáilíochta
a chur i bhfeidhm; tacaíocht a thabhairt do sheachadadh oiliúna, do sheachadadh
seisiúin faisnéise agus do sheachadadh nuashonruithe do na baill foirne maidir
leis an réimse seo, de réir mar a theastaíonn.
Is é an spriocdháta a ghlacfar le hiarratais ná 12.00
meán lae Luain, 17 Deireadh Fómhair 2022
Tá eolas breise le fáil sa dá dhoiciméad thíos:
Tá an Chomhairle Ealaíon
tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den
phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um
Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a
fháil, gabh chuig: https://www.artscouncil.ie/ga/Maidir/Comhionannas,-Cearta-an-Duine-agus-eagsulacht/