Is í an Chomhairle Ealaíon gníomhaireacht Rialtas na
hÉireann le haghaidh na healaíona a fhorbairt. Oibrímid i gcomhpháirtíocht le
healaíontóirí agus le hoibrithe ealaíon, le heagraíochtaí ealaíon, le lucht
déanta beartas poiblí agus le comhpháirtithe eile chun áit lárnach a chruthú do
na healaíona i saol na hÉireann. Tá
seachtó duine ar ár bhfoireann bhuan oibre againn faoi láthair agus tá
pleananna uaillmhianacha againn chun cur lenár bhfoireann bhuan sa 6-12 mhí atá
le teacht.
Tá deiseanna
lánaimseartha iontacha againn faoi láthair ag Leas-Phríomhoifigeach do Stiúrthóir
Acmhainní Daonna
Beidh an Stiúrthóir Acmhainní Daonna freagrach as
comhpháirtíocht a dhéanamh le Foirne Bainistíochta Sinsearaí agus
Ceannaireachta chun a chinntiú go bhfuil scoth na struchtúr eagraithe, na
bpróiseas daonna agus na mbeartas daonna diongbháilte ag an gComhairle Ealaíon
agus go bhfuil an cumas agus na córais aici chun an tallann is fearr a
mhealladh, a fhorbairt agus a choinneáil.
Mar bhall den Fhoireann Bainistíochta Sinsearaí, cuirfidh an Stiúrthóir
AD go héifeachtach le baint amach chuspóirí straitéiseacha na heagraíochta, i
gcomhpháirtíocht le gníomhaíochtaí a bhaineann le AD, á bhforbairt, á stiúradh
agus comhairle a chur ar fáil fúthu. Beidh an Stiúrthóir AD ailínithe leis na
Bainisteoirí Sinsearacha agus leis an bhFoireann Cheannaireachta, agus
cuideoidh sé chun forbairt leanúnach eagraíochta a chur chun cinn trí
thionscnaimh, cleachtais agus iompraíochtaí beartais, a dheimhníonn ailíniú le
luachanna, fís, aidhmeanna agus cuspóirí na Comhairle Ealaíon.
Is é an spriocdháta
d’iarratais ná 12.00
meán lae Luain, 3 Deireadh Fómhair 2022.
Tá eolas breise le
fáil sa dá dhoiciméad thíos
Próifíl an
Róil
Leabhrán
Faisnéise d’Iarrthóirí
Tá an comórtas seo á bhainistiú ag Sigmar Recruitment. Ní mór gach ceist a chur chuig Jennifer Ward ag 01-4744660 nó jward@sigmar.ie.
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna
agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a
leagtar amach inár mBeartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht
(chun tuilleadh faisnéise a fháil, gabh chuig: http://www.artscouncil.ie/ga/Maidir/Comhionannas,-Cearta-an-Duine-agus-eagsulacht/